Faoi Harry Clarke

Fuinneoga Harry Clarke / Harry Clarke Windows An tseoid san áit is ea séipéal álainn an chlochair. Sé J.J. McCarthy M.R.I.A., dalta de chuid Augustine W. Pugin, a dhearaigh an séipéal seo. Tá sé gléasta le stallanna gearrtha as dair Spáinneach; tá altóir déanta as marmar Iodálach ann. Ar an gcuid is deise de tá dhá fhuinneog déag cró snáthaide, sé phéire, de ghloine daite a thugann cuntas ar bheatha Chríost. Sé an t-ealaíontóir Harry Clarke (1889 – 1931), an mhórchlú, a dhein na sciamhfhuinneoga seo. Sí an mháthair Ab Ita Macken d’ord na Toirbhirte a d’ordaigh na fuinneoga sa bhliain 1922 ar chostas £1000 agus go dtí le déanaí ní raibh teacht go héasca orthu.

Léiríonn an sé fhuinneog mhuilleanach beatha Chríost ó bhreith agus cuairt na saoithe anoir go dtí Íosa á thaispeáint féin do Mháire Mhaigdiléana tar éis a aiséirí. Deineadh athchóiriú agus glanadh ar an fuinneoga le déanaí. Is sampla iad d’oidhreacht ealaíonta d’Éirinn na haoise seo caite.

Díseart Visitor Centre

The Harry Clarke Windows

The Nano Nagle Room

Last Supper Fresco

Chapel of the Sacred Heart

Díseart Gardens

This page is also available in: English