1. Cuairt na Saoithe
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh agus Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. (Matha 2:11)
2. Baisteadh Íosa
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin. Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” (Marcas 1:9-11)
3. Ligigí do na leanaí teacht chugam
Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig mí-chéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam, ná coisigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé” (Marcas 10:13-14)
4. An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáidí
Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas …. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt: “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas. Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad. Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht ..” (Matha 5:1-5)
5. An tAllas Fola
“A Athair” deireadh sé “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid fola mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. (Lúcás 22:42-44)
6. Taispeánann Íosa á féin do Mháire Mhaigdiléana
Dúirt Íosa léi: “A bhean cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.” “A Mháire,” arsa Íosa léi. D’iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí”, is é sin le rá: “A Mháistir” (Eoin 20:15-16)

Ealaíontóirí Cónaithe

Chun tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí lena saothar.

Caoimhín Ó Fraithile, 

Dómhnal Ó Bric

Áine Ní Chiobháin

Seán Ó Treasaigh