An tseoid san áit is ea séipéal álainn an chlochair. Sé J.J. McCarthy M.R.I.A., dalta de chuid Augustine W. Pugin, a dhearaigh an séipéal seo. Tá sé gléasta le stallanna gearrtha as dair Spáinneach; tá altóir déanta as marmar Iodálach ann. Ar an gcuid is deise de tá dhá fhuinneog déag cró snáthaide, sé phéire, de ghloine daite a thugann cuntas ar bheatha Chríost. Sé an t-ealaíontóir Harry Clarke (1889 – 1931), an mhórchlú, a dhein na sciamhfhuinneoga seo. Sí an mháthair Ab Ita Macken d’ord na Toirbhirte a d’ordaigh na fuinneoga sa bhliain 1922 ar chostas £1000 agus go dtí le déanaí ní raibh teacht go héasca orthu.

Léiríonn an sé fhuinneog mhuilleanach beatha Chríost ó bhreith agus cuairt na saoithe anoir go dtí Íosa á thaispeáint féin do Mháire Mhaigdiléana tar éis a aiséirí. Deineadh athchóiriú agus glanadh ar an fuinneoga le déanaí. Is sampla iad d’oidhreacht ealaíonta d’Éirinn na haoise seo caite.

harry clarke

Faoi Harry Clarke

Rugadh Harry Clarke ar an 17ú lá de mhí na Márta 1889 i mBaile Átha Cliath agus tógadh é in uimhir 33 Sráid Frederick thuaidh. D’fhreastal se ar Mhodhscoil Sr. Maolbhríde agus ina dhiaidh sin Coláiste Belvedere. D’fhág Harry an scoil i 1903 tar éis bás a mháthar, chun printíseacht a thosnú lena athair sa chomhlacht gloine daite agus maisiúchán a bhí aige.

D’fhreastal Harry ar chúrsaí sa “Metropolitan School of Art” agus an Scoil Ealaíon Kensington Theas idir 1905 agus 1907 go dtí gur buaileadh breoite é i 1908. Bhí taispéantais ag Harry san R.D.S. ag an Taispéantas Tionscail Ealaíona blíantúil i 1910, agus ina dhiaidh seo bhuaigh sé an bonn óir do ghloine daite trí bliana i ndiaidh a chéile ó 1911 go 1913 ag comórtas náisiúinta an Bhoird Oideachais a bhí bunaithe i Kensington Theas.

Fuair na 11 fuinneoga i Séipéal Honan i gCorcaigh fáilte chroíúil i 1917, bua mór do Harry mar bé seo an chéad choimisiún a ghlac sé in Éirinn. Cailleadh a athair i 1921, agus ansin thóg sé bainistíocht J. Clarke & Sons lena dhearthár Walter.

Mhol W.B. Yeats Harry go hard – Now the acknowledged best glass is made by Harry Clarke – i 1924 tar éis dó bhonn óir agus trí bonn airgid a bhuachaint ag Aonach Tailteann san R.D.S don fhuinneog “Eve of St. Agnes”. Cuireadh stop lena chuid oibre ansin ar feadh tamaill tar éis fabhtú súile a fuair sé in 1925 agus timpiste bóthair i 1926. Níor ghlac an rialtas leis an “Geneva window” a rinne Harry i 1926 toisc íomhánna gnéis agus meisceoireachta. Tá an fuinneog anois ar taispeáint i Florida. Bhí ag teip ar a shláinte agus ag aois 42 fuair Harry bás ina chodladh i Coire san Eilvéis ar a bhealach abhaile go Baile Átha Cliath.

An t-Ealaíontóir Cónaitheach

Bhí Caoimhghín Ó Fraithile seal ina ealaíontóir cónaitheach sa Díseart. As Luimneach ó dhúchas do Ó Fraithile, agus céimí MFA ó ollscoil Missouri, Columbia is ea é. Thainig sé ar ais ó Mheiriceá chun a áít a thógaint sa Díseart. Bhí sé ina ealaíontóir cónaitheach seal sa tSeapáin agus sna Stáit Aontaithe. Tá stiúdíó aige lámh leis an Díseart anois.

Ag usáid ábhair ar nós tuí, cloch, luaidhe agus salann, oibríonn Caoimhghín ar ábhair agus insealbhaithe a ligeann don lucht féachana ceangal a dhéanamh le próiséas na déantasíochta.

Deir sé: “I’m looking forward to creating a new body of work based on rural traditions and the landscape of the Dingle Peninsula and working on a series of projects, which involves the community and brings people together to share skills.”

“Is breá liom sean-nósanna a thosnú arís i measc an phobail” a deir Ó Frathaile.

This page is also available in: English