Do tháinig Siúracha na Toirbhearta go dtí an nDaingean i gContae Chiarraí go luath sa 19ú haois (1829), agus é i gceist acu oideachas Caitliceach a chur ar fáil do chailíní óga na dúthaí. Cuireadh go mór le ról na Siúracha, áfach, agus níorbh fhada go rabhadar go gnóthach ag d’iarraidh bia agus éadaí a chur ar fáil don líon ard de theaghlaigh nach raibh go ró‑mhaith as, go háirithe nuair a bhíodh achrann agus corraíl ann, go sóisialta agus go fisiciúil, mar a bhíodh le linn an Droch‑Shaoil, nó sna tréimhsí nuair a bhí an calar nó pláigheanna eile sa treis.

Sé an t‑ailtire cáiliúil i stíl an Ghotachas Nua, J.J. McCarthy, a dhein an dearthóireacht ar an gClochar atá anois ann, agus tógadh go céimniúil é, i dtréimhsí idir 1870 agus 1900. Sa bhliain 1919, toghadh an Mháthair Íde ina ceannasaí ar an gClochar, agus dhein sí coimisiúnú ar roinnt athraithe móra ar an Sáipéal go luath sna 1920í. Mar chuid den ath‑chóiriú sin, cuireadh isteach dhá cheann déag d’fhuinneoga de ghloine dhaite, i gcrot chró na snáthaide, fuinneoga a fuaireadh ó stiúideo Harry Clarke. Léirigh na fuinneoga sleachta as na Soiscéil le Matha, le Marcas, agus le Lúcás.

Dob é an clochar seo tigh Shiúracha na Toirbhearta, a chuir oideachas ar fáil sa scoil i n‑aice láimhe go dtí le fíor‑dhéanaí. Tá litir anseo ón Sr. Dorothy, a mhíníonn an cinneadh a dheineadar an tigh a ligint ar cíos leis an nDíseart:

Msgr. Padraig Ó Fiannachta

Is ball mé de Shiúracha na Toirbhearta a chaith blianta fada im chónaí sa tigh seo, agus mar sin, tá spéis ar leith agam ina stair, agus gan amhras, ina thodhchaí.

Raghaidh mé tamall fada siar go dtí 1829, nuair a tháinig na siúracha anseo don chéad uair, agus nuair a coimeádadh cúntaisí dár gcuid Annála don chéad uair. Is mór an difríocht idir an Daingean mar a bhí sé an uair sin agus an Daingean mar atá sé inniu.

I scéal bheatha Nano Nagle, an bhean a bhunaigh an t‑ord seo againn‑ne, tá cúntas ar an ainnise ina raibh cuid mhaith de mhuintir Chathair Chorcaí ag maireachtaint san ochtú haois déag. Bhí cuid de mhuintir an Daingin gach aon phioc chomh bocht leo nuair a tháinig na siúracha anseo. Bhí géarghá leis an oideachas, de gach sórt, ar mhaithe le forbairt agus leas na ngnáth‑dhaoine.

Tá cúntas sna hAnnála againn ar stair an bhaile le linn an Ghorta Mhóir, an dá Chogadh Domhanda, bás Dhónaill Uí Chonaill, aimsir na nDúchrónach – scéalta faoin mbochtaineacht agus faoin streachailt, ach chomh maith leis sin, scéalta faoin ndearg‑mhaitheas a bhí agus atá fós ar fáil i measc mhuintir an Daingin.

Ag teacht aniar go dtínár linn féin – a mhalairt de scéal atá ann anois. Do réir a chéile, tháinig laghdú ar líon na Siúracha. D’imigh cuid acu ar shlí na fírinne, beannacht Dé lena n-anam. Theastaigh óna thuilleadh acu maireachtaint go simplí, istigh i dtithe seachas i gclochar mór.

Sa lá atá inniu ann, tá an t-oideachas foirmeálta i lámha an-chumasacha daoine iontacha eile, agus bhí sé de phribhléid agam féin bheith ag obair le roinnt mhaith acu. Mar sin, bhraitheamar‑na saor, mar ord, chun féachaint lasmuigh den cheantar seo chun a bheith páirteach i ministreachtaí i n‑áiteanna eile. Chuaigh beirt shiúr ónár gcomhluadar féin go dtí An tSlóvaic nuair a bhí na Cumannaigh fós i réim ann, ag obair leis na daoine ar an imeall. Chuaigh a thuilleadh againn go Zambia, go Zimbabwe, agus go tíortha eile nach iad. Chuaigh cuid againn trasna na teorann go Corcaigh féin! Bhíomar ag obair le daoine óga leochaileacha nach raibh córas an oideachais ag friotháil go ró‑mhaith orthu. Agus bhíos féin tamall ar deoraíocht i mBaile Átha Cliath!

Bhí fhios go maith againn nach mbeadh an tigh seo ag teastáil go deo uainn. Thuigeamar go maith an saibhreas a bhí againn – saibhreas gur mó i bhfad é ná an struchtúr fisiciúil agus na gairdíní álainne.

Chuireamar an cheist orainn féin: ‘Cad is féidir linn a dhéanamh anois chun go bhfanfadh doirse an tí ar oscailt i gcónaí, chun fáilte a chur roimh gach éinne?’ An raibh aon chuimhneamh againn ar an áit a dhíol? Aon chuimhneamh i n‑aon chor. Cad faoi ndeara an cinneadh láidir sin?

Caithfear gurb é an sáipéal fíor‑álainn é, a dhear J.J. McCarthy, seod den scoth lena chuid fuinneoga ó thigh Mhayler, agus gan amhras, an dá fhuinneog déag a dhein Harry Clarke le barra maisitheachta. Tá an láthair naofa seo beannaithe ag na paidreacha go léir a dúirt Siúracha na Toirbhearta ann, agus a gcuid daltaí, agus mórán cuairteoirí ó áiteanna ar fud an domhain.

Tháinig inspioráid go luath chugainn ó bheirt shagart aitheanta, a raibh cur amach acu ar an nDaingean – an tAth. Pat Moore, trócaire air, agus an tAth. Tomás Ó Caoimh. I measc na smaointí a bhí acu sin don dtigh, bhí an moladh go n‑úsáidfí an foirgneamh do dhaoine a bheadh ag tabhairt cuairteanna ar áiteanna beannaithe, faoi mar a bhíodh fadó nuair a d’fhaigheadh taistealaithe agus oilithrigh fáilte agus lóistín ó na manaigh. Thuigeadar go bhféadfadh ealaíontóirí teacht le chéile ann chun a bheith ag obair go síochánta ann. Bhí idir fís agus dealramh ag baint lena gcuid smaointí, ach mar sin féin, níorbh é an tráth fós é chun iad a chur i gcrích.

Bhí dáréag siúr fós ina gcónaí sa tigh an uair sin. Le himeacht ama, d’fhéachamar ar ana‑chuid féidearthachtaí eile, i n‑éineacht le muintir na háite – mar shampla, go bhféadfaí an foirgneamh a úsáid mar ionad do dhaoine óga a bhí ar thóir bhrí na beatha, ó gach tír, de gach creideamh nó gan aon chreideamh acu, mar a tharlaíonn i dTaizé na Fraince.

Chuimhníomar go bhféadfadh comhluadar buan paidreoireachta a bhunú anseo, agus chuige sin, d’fhiafraíomar de mhanaigh Ghleann Stail an mbeadh spéis acu ann. Tháinig cairt lán de Bheinidictínigh dhíograiseacha ar cuairt chugainn, agus tuigeadh dúinn go raibh gach cás réitithe cheana. Ach ní mar a shíltear a bítear! Nuair a d’fhilleadar ar Ghleann Stail, tuigeadh don ord go raibh an togra ró‑mhór dóibh, ó thaobh chostaisí agus phearsanra de.

Is ag an bpointe sin a tháinig an tAth. Pádraig Ó Fiannachta isteach sa scéal, go méadaí Dia ar a ghlóire sna Flaithis. Tar éis dúinn dul faoina bhráid, beartaíodh go gcaithfí dul i gcomhairle an Easpaig. Mar a tharla, tharraingíomar an foirgneamh dó, d’úsáid na deoise. Tuigeadh dó, áfach, go raibh a dhóthain ionaid spioradálta ag an ndeoise cheana.

Ó tharla go raibh teipthe ar gach réiteach ón dtaobh amuigh, thánamar thar n-ais go dtí an smaoineamh a bhí againn ar dtús, an t‑ionad mar acmhainn áitiúil. Tionóladh cruinniú poiblí de dhaoine go raibh spéis acu ann, agus bhí fuadar is fuinneamh le braith ar an slua. Cuireadh Bord Bainistíochta ar bun, agus is mar sin a tháinig an Díseart ar an saol.

Ní foláir nó tá siúracha na bliana 1829 ag féachaint ar an nDíseart inniu agus ag tabhairt bualadh mór bas daoibh‑se anseo anocht! ‘Fúibh‑se atá sé anois,’ adeirid. ‘Tá ár dtaisí féin ina luí faoi chrann rua na beithe, ach tá ár bhfíseanna, ár ndóchas, agus ár bpaidreacha do bhur stiúradh i dtreo tréimhse nua eile don Díseart.’

This page is also available in: English