Tá an oidhreacht saíochta uile mar ábhar arbh fhéidir taighdeadh agus teagasc a chothú ann. Níl sa ghraiméar agus sa teanga ach na huirlisí riachtanacha. Tá an traidisiún liteartha is ársa in Iarthar na hEorpa againn i scríbhinní na Moch-Ghaeilge, agus go deimhin sa Laidin chomh maith. Ní baol go ndéanfar faillí i léann na lámhscríbhinní déanacha. Beidh an staidéar ar an tsaíocht ó nua-litríocht an lae inniu nó béaloideas na haoise seo caite go seoda na Sean-Ghaeilge idirdhisiplíneach. Tá na háiseanna is nua-aimsire i dteicneolaíocht an eolais ar fáil sa Díseart agus leabharlann léinn Cheiltigh leis an Ollamh Ó Fiannachta sa chomharsanacht, agus Leabhair Spioradáltachta an Athar Séamas Mac Síthigh i gcóngar a oifige.

Foilseacháin An Sagart

Tá Catalóg de Fhoilseacháin An Sagart 1967-2008 i gcló, ISBN 1 903896, agus eolas faoi na leabhair a foilsíodh ó shin ar ár suíomh www.ansagart.ie. Chomh maith leis na céadta leabhar eile tá sraitheanna cáiliúla mar Léachtaí Cholm Cille I-XLI, Irisleabhar Mhá Nuad ó 1975 go leanúnach; Maynooth Monographs 1-8 (ar stad); Iris na hOidhreachta 1-11 (ar stad). Dán agus Tallann 1-18 go leanúnach. Tá roinnt mhaith filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill foilsithe aige – Féar Suaithinseach, Feis, Cead Aighnis; le baill Cheardlann na Máirte:- Duilleoga Draíochta, Mil na Ceardlainne, Criathar Meala agus Mil ina Slaoda. Tá aird ar leith dírithe ar an mbéaloideas le déanaí agus foilsíodh trí imleabhair mhóra sa tsraith Dán agus Tallann ag plé leis: Leabhar Mhaidhc Dháith, Ár Slánaitheoir ag Siúl ar an dTalamh seo, Mioscais na gCumar.
D’fhoilsigh An Sagart An Bíobla Naofa i dtrí cheangal (€15, €30, €90) i 1981. Athchló ar sin; An Tiomna Nua 1992. CD-Rom 2001. Mar Bhíobla Póca 2000. Ar an idirlíon 2010. An Leicseanáir 1978. An Leabhar Aifrinn 1978. Leabhar Aifrinn an Domhnaigh 2006.

This page is also available in: English