Suíomhanna Eaglasta i gCorca Dhuibhne ó Ré Luath na Críostaíochta
Tá Corca Dhuibhne ag cur thar maoil le stair agus le beatha an chreidimh

Tá Corca Dhuibhne ag cur thar maoil le stair agus le beatha an chreidimh

Réamhrá

(Deintear a thuilleadh plé anseo thíos ar na suíomhanna agus ar na gnéithe go bhfuil cló trom orthu.)

Ní fios cathain a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn ar dtúis, ach tá fhios againn go raibh pobal Críostaithe anseo go luath sa chúigiú céad. Ní foláir nó gur thug misinéirithe éagsúla an creideamh go háiteanna éagsúla sa tír. (Níl aon argóint ann go dtáinig Pádraig riamh chomh fada aduaidh le Corca Dhuibhne!) Thiocfadh an creideamh isteach tríd an dteangmháil leis an saol Rómhánach chomh maith. Ghabh muintir na hÉireann an creideamh nua chúthu féin chomh dlúth sin nár cláraíodh riamh oiread is mairtíreach amháin sa tír. Pobail bheaga ab ea na lonnaíochtaí eaglasta is túisce a bhí ann, lena n‑easpag féin i gceannas ar gach ceann acu, ach faoi lár an séú haois, bhí córas de mhainistreacha ar bun, le ab i gceannas ar gach pobal neamhspleách, agus is mar sin a bhí go ceann na gcéadta bliain, fiú chomh déanach leis an 12ú haois i n‑áiteanna. Ón 12ú haois ar aghaidh, áfach, cítear oird na manach ag teacht ón Mór‑Roinn isteach go hÉirinn, agus cé nach bhfuil aon fhianaise choincréideach againn go raibh a leithéid d’fhondúireacht i gCorca Dhuibhne, b’fhéidir go dtiocfadh ceann chun solais lena thuilleadh taighde.

Is ó cheann de na treabhanna a bhí ina gcónaí anseo go déanach i nAois an Iarainn nó go luath sna Meán‑Aoiseanna a tháinig ainm na leithinise, Corca Dhuibhne. Cé go bhfuil ladhar shuíomhanna mainistreacha sa leithinis, gach seans nach raibh aon mhainistir mhór ann, ar scála Chluain Mhac Nóis nó Ard Mhacha, cé go léiríonn taighde a deineadh le déanaí gur shuíomh tábhachtach é Cill Maoilchéadair, a bhuí cuid mhór lena cheangal leis an mbóthar oilithreachta, Cosán na Naomh. Ag an bpointe ba mhó a bhí an Chill, is dócha go raibh sé isteach is amach le cuid de na suíomhanna móra eaglasta eile sa tír gur fearr an cur amach atá inniu againn orthu; inniu féin, is féidir teacht ar ghnéithe a bhaineann leis an gCill agus iad leata amach thar limistéar fairsing. Go ginearálta, is suíomhanna beaga iad na mainistreacha sa leithinis, suíomhanna eaglasta le claí timpeall orthu; b’fhéidir gur ar an bpobal áitiúil a dheinidis freastal, agus go raibh dáileadh geografúil orthu cosúil leis na liosanna (lonnaíochtaí le claí timpeall orthu ina mbíodh feirmeoirí gustalacha na linne ag maireachtaint, c. an 6ú haois go dtí an 10ú nó an 11ú haois). Sé atá sna mainistreacha de ghnáth ná suíomh le claí cloch nó cré timpeall air, ina bhfuil cuid de na gnéithe seo leanas le fáil: sáipéal, reilig, leacht nó scrín tuama, galláin oghaim, claí inmheánach, galláin le crosanna greanta orthu, tithe, agus ag suíomh nó dhó, uaimh (pasáiste agus seomraí beaga faoi thalamh). Uaireanta bíonn tobar beannaithe i n‑aice láimhe, agus tá cuid mhaith de na suíomhanna lonnaithe ar Chosán na Naomh, nó gairid dó. I gCill Maoilchéadair, tá cloch ghréine chomh maith ann, agus gallán beag ar a bhfuil aibítir na Laidine greanta.

Bheadh gnáth‑shaol na manach istigh sa mhainistir cosúil le saol na dtuatach lasmuigh, ach le breis ama á chaitheamh ar an bpaidreoireacht agus ar an machnamh, ar an múineadh is ar an bhfoghlaim. Bhíodh muintir na mainistreach neamhspleách de ghnáth ó thaobh a gcuid bídh de, agus iad ag saothrú na talún a bhí timpeall ar an mainsitir, talamh is dócha a dheonaigh taoiseach na háite orthu. Sa chás is go raibh abhainn go gairid dóibh, nó uisce na farraige, bheadh tábhacht ag an iasc ina gcuid bídh. D’fhéadfadh obair áirithe tionsclaíochta a bheith ar siúl sa mhainistir, mar a tharlaigh i Riasc. Tá roinnt mhaith eolais againn ar an suíomh sin, a bhuí leis an dtochailt a dhein Tom Fanning, beannacht Dé leis, sna 1970í, faoi choimirce Oifig na nOibreacha Poilbí, gur faoina gcúram atá an suíomh ó shin. Tá a ainm i n‑áirde ag Gallaras toisc go dtáinig an sáipéilín cloch ann slán tríd na haoiseanna, iontas na n‑iontas; ach dá mhéid an cháil atá air, is minic nach dtuigtear gur cuid de shuíomh mainistreach é, le claí timpeall air, agus gallán le cros greanta air, leacht, agus claí inmheánach ann!

Cill Maoilchéadair

Mainistir ana-thábhachtach ab ea Cill Maoilchéadair i dtréimhse luath na Meán‑Aoiseanna, go háirithe toisc go raibh sé lonnaithe ar an mbóthar oilithreachta, Cosán na Naomh, a leanann air ina dhiaidh sin suas Cnoc Bréanainn. Cé gur dócha gur mar mhainistir a thosnaigh sé, cosúil leis an gceann gairid dó i Riasc, le linn na meán‑aoiseanna, dhein ceann de na paróistí ba shaibhre i ndeois Chiarraí ar fad de (nó i nDeoise Ard Fhearta, mar a bhí air ag an am). Is mó rian den saibhreas sin atá le feiscint fós inniu. Dob é an naomh Maoilchéadar a bhunaigh an chill, ach ceanglaíodh ina dhiaidh sin le Bréanann é, pátrún dheoise Chiarraí, agus is dócha gur tharlaigh sé sin mar a leathnaigh cultas Bhréanainn isteach sa dúthaigh timpeall an 9ú haois.

Tá snoíodóireacht bhreá ar an sáipéal Rómhanach ón 12ú haois ann, an sampla is luaithe dá leithéid de stíl i gCiarraí, is dócha; tá an ornáidíocht sin le feiscint go háirithe timpeall ar an ndoras agus ar áirse an tsaingil. I measc na rudaí atá le feiscint istigh sa reilig, tá cloch oghaim (5ú nó 6ú haois), cloch ghréine (8ú nó 9ú haois, is gan ach 8 gcinn eile de shamplaí a tháinig slán sa tír ar fad), agus ard-chros (12ú haois, b’fhéidir), chomh maith le móran crosanna eile. Tá “cloch na haibítre” (6ú haois) istigh sa tsáipéal; tá dhá inscríbhinn ar an iarsma iontach seo, chomh maith le dhá chros ornáideach. An phríomh‑inscríbhinn ná an nod “DNE”, ciorrú ar an bhfocal Laidine Domine, “A Thiarna”. Timpeall air sin tá litreacha na haibítre mar a úsáidtí ag an am iad. Faraoir ghéar, ón uair go bhfuil an chloch briste, tá an chéad litir ar iarraidh. Tá gnéithe eile sa limistéar timpeall ar an suíomh a bhaineann leis chomh maith, ar nós Fothrach Bhréanainn (nó Tigh an tSagairt), tigh meán‑aoiseach i n‑aice láimhe (nach bhfuil teacht ag an bpobal air faoi láthair); Tigh an tSeansailéara; dhá thobar beannaithe; Sáipéilín Bhréanainn (a tógadh sa stíl chéanna le Gallaras, agus go ndeineadh ath‑chóiriú le déanaí air); agus roinnt ghnéithe eile sna goirt mórthimpeall. Ní beag é an béaloideas a bhaineann leis an suíomh seo, agus bhí úsáid á bhaint fós as an reilig go dtí le fíor‑dhéanaí.

                  sund

         

Sáipéilín Bhréanainn

Séadchomhartha Náisiúnta é “Sáipéilín Bhréanainn”, atá timpeall 400 m siar ó thuaidh ó chroí shuíomh Chill Maoilchéadair, ach is deimhnitheach go raibh baint aige leis an suíomh céanna, agus tá gach seans go raibh claí timpeall air an chéad lá, chomh maith le gnéithe eile nach bhfuil le feiscint a thuilleadh. Is fuirist teacht air, ach gabháil tríd an ngeata luascach ar thaobh an bhóthair agus an cosán beag a leanúint. Tá an sáipéilín leagtha amach soir siar, agus is ag féachaint siar atá an doras, lena fhardoras os a chionn, mar is gnách le sáipéil na Críostaíochta. Tógadh é sa stíl chéanna leis an sáipéilín i nGallaras i n‑aice láimhe, ach ní tháinig ceann an tí seo slán, agus deineadh roinnt obair ath‑chóirithe air i gcaitheamh na mblianta atá imithe, an obair a críochnaíodh sa bhliain 2017 san áireamh.

Ar nós an tsáipéilín i nGallaras, is minic a úsáidtear an focal “aireagal” chun cur síos a dhéanamh ar an dtigh seo; focal eile ar sháipéilín é sin. Ar nós sháipéilín Ghallarais, agus a leithéidí eile de thógálacha (e.g. an Raingiléis i mBaile Ui Bhaoithín agus Teampall Mhanacháin ar an mBaile Riabhach), is le clocha gan moirtéil a tógadh an tigh seo, le teicníc ar a dtugtar “an coirbéalú”, mar a leagtar síos gach sraith clocha agus iad druidte isteach beagáinín ón sraith faoina mbun, nó go gcúngaíonn na fallaí suas. Arís, mar atá i nGallaras, deineadh saothrú ar na clocha laistigh is lasmuigh den tigh chun críochnú mín a thabhairt do na fallaí, agus caithfear gur thóg an obair sin tamall mór fada ar na ceardaithe. Ní mar a chéile oscailt na fuinneoige sa tsáipéilín seo agus an ceann i nGallaras, agus tá altóir cloch laistíos de, gur dócha gur níos déanaí a tógadh é; ní gné chomhónta de na suíomhanna seo i gCorca Dhuibhne a leithéid d’altóir. Is dócha gur timpeall an ama chéanna a tógadh an sáipéilín seo agus sáipéilín Ghallaras, b’fhéidir chomh déanach leis an 10ú haois, nó fiú an 11ú haois, ach b’fhéidir gur críonna ná sin iad.

Gallaras

Is tigh cloch gan moirtéal é an sáipéilín aoibhinn seo i nGallaras, nach bhfuil aon oidhre air ach báidín iompaithe bun os cionn. Níl aon cheann eile ar thalamh na hÉireann a tháinig chomh slán leis (cé go bhfuil cloch ornáideach amháin ar iarraidh ó bharra na binne); tá dhá shampla eile a tháinig slán ar Sceilg Mhíchíl, i gContae Chiarraí chomh maith, ach níl sé ró‑shaoráideach teacht orthu sin! (Is Suíomh Oidhreacht Domhanda é Sceilg Mhíchíl, mar gheall ar iarsmaí na mainistreach a mhaireann ann.) Is leis an gcoirbéalú a tógadh an sáipéilín, teicníc a úsáideadh chun cuid mhaith de na clocháin a thógaint chomh maith (tá díon ar chuid acu sin, ach is dócha go mbaineann na samplaí sin le tréimhse i bhfad níos déanaí). Is istigh i suíomh mainistreach atá sáipéilín Ghallarais, agus is ar an dtaobh thoir den sáipéilín is fearr atá teora na mainistreach le aithint. Tá maol-chlaí ar aghaidh an tsáipéilín amach, a roinneann an chuid bheannaithe den suíomh (ina raibh an sáipéal agus an reilig, a aithneofá ar an leacht agus ar an gcloch le cros greanta air) ón gcuid saolta. Dá ndéanfaí tochailt ar an gcuid sin den suíomh, is dócha go dtiocfaí ar chlocháin agus ar cheardlanna na manach.

Soir-siar atá an sáipéilín leagtha amach, agus an doras ag féachaint siar. Tá barr rabhndalta ar an bhfuinneog ar an dtaobh istigh, agus tá trí chloch ag gobadh amach as an bhfalla os a chionn; b’fhéidir go n‑úsáidtí iad chun lampa a chrochadh, nó leabhar, nó chun cochall a choimeád ina sheasamh os cionn na haltóra. Tá an doras simplí, le fardoras os a chionn, agus tá dhá chloch phollta ag gobadh amach os a chionn sin, chun comhla de shórt éigin a choimeád.

Ní féidir dáta cruinn a chur leis an dtógaint, ach is fearr le scoláirí na linne seo dáta i dtreo an 10ú haois a thabhairt dó, nó an 11ú haois fiú, cé go bhfuil a thuilleadh acu a thabharfadh dáta níosa luaithe dhó. Sé is dóichí go raibh sáipéal eile tógtha ar an suíomh céanna roimh an gceann seo.

Ar an dtaobh thoir den leacht, lastuaidh den sáipéilín féin, tá cloch bheag ina seasamh, agus tá cros laistigh de chiorcal greanta air. Tá inscríbhinn ar an dtaobh thíos den gcros. Tá na litreacha COLUM MAC DINET léite ann, ach sa lá atá inniu ann, ní féidir aon rud a dhéanamh amach ach amháin an COLUM sa chuid bunaidh ar dheis. Ach tá an chloch seo san áireamh i dtionscnamh chun íomhánna 3T a dhéanamh de chlocha greanta na leithinise (www.corcadhuibhne3d.ie), agus is féidir an inscríbhinn a fheiscint beagáinin níos soiléire arís anois (http://www.corcadhuibhne3d.ie/gallarus.php).

     

An Riasc

Tá tochailt déanta ar an mainistir seo ó na meán‑aoiseanna luatha. Sarar deineadh an tochailt, ní raibh aon rud le feiscint ach an gallán, le cros álainn greanta air, agus an bóthar ag gabháil thar a bhráid. D’aistríodh an bóthar amach ar leataoibh, agus anois tá radharc arís ar oiread den suíomh agus atá tagtha slán. Tá claí timpeall ar an mainistir, agus tá roinnt rudaí le feiscint laistigh de: fothrach sáipéil; roinnt chlocháin; bothán ceardaíochta; dhá reilig ó dhá thréimhse éagsúil, ceann amháin ó thréimhse na manach, agus an ceann eile ó thréimhse i bhfad ina dhiaidh sin, go mbaineadh úsáid as chomh maith mar cheallúchán, b’fhéidir chomh déanach le deireadh an 19ú haois, nó fiú go luath sa bhfichiú aois; scrín, b’fhéidir; agus roinnt ghalláin le crosanna greanta orthu. Tá tigh dronuilleogach ann chomh maith, ach is dócha gur go déanach sna meán‑aoiseanna a tógadh é sin. Tá áith chun arbhar a thriomú díreach lasmuigh de chlaí an tsuímh. Is dócha go raibh daoine ag maireachtaint ar an suíomh seo chomh luath leis an 6ú haois, ach ní fios cathain a tréigeadh ar deireadh é. Tá iarsmaí a fuaireadh ann le linn na tochailte ar taispeáint i Músaem Chorca Dhuibhne, i n‑aice láimhe i mBaile an Fheirtéaraigh (www.westkerrymuseum.com), chomh maith lena thuilleadh galláin le crosanna greanta orthu.

 

       

         

Cill na gColmán, Mám an Óraigh

Is Séadchomhartha Náisiúnta é suíomh na mainistreach i gCill na gColmán, i mbaile fearainn Mhám an Óraigh, gairid do bhaile Cheann Trá, ach gabhann an tslí isteach chuige thar thalamh phríobháideach, agus mar sin níl an suíomh oscailte don bpobal gan cead a fháil roimh ré. Tá claí timpeall ar an suíomh i gcrot an uibh, agus tá roinnt gnéithe le feiscint istigh ann; is dócha gur bunsraitheanna foirgintí éagsúla iad, agus b’fhéidir gur sáipéal beag ceann acu. Tá fhios againn ó chúntaisí ón 19ú haois go mbaintí úsáid as an suíomh mar cheallúnach go dtí go déanach san aois chéanna, ach is dócha gur suíomh mainistreach é an chéad lá, cosúil leis an gceann i Riasc.

Is dócha gurb é an ghné is suimiúla ar an suíomh seo ná an chloch oghaim; tá an léamh ANM COLMAN AILITHIR nó “ainm Cholmáin, an t‑oilithreach”, déanta ar an oghamchraobh. Is iontach an leanúnachas é go bhfuil an t‑ainm “Colmán” fós bainteach leis an suíomh seo, b’fhéidir 1,500 bliain ó gearradh an inscríbhinn ar an gcloch! Chomh maith leis an oghamchraobh, tá dhá chros greanta ar an ngallán, agus tá ciorcal timpeall ar an gceann is mó acu. I measc na n‑iarsmaí eile ar an suíomh, tá trí bhullán, sé sin le rá, clocha le poill nó laga beaga orthu; ní gnách go mbíonn na bulláin seo le fáil i n‑aon áit ach amháin i n‑áiteanna a bhaineann le suíomhanna mainistreacha. Tharlódh sé go raibh baint ag an gcloch oghaim, agus go deimhin ag an suíomh ar fad, le Cosán na Naomh, ach níl aon amhras ann ná gur oilithreach éigin atá á chomóradh ann.

      

Corr Áille

Is mó suíomh mainistreach ó na meán‑aoiseanna luatha atá ar fáil ar fuaid Chorca Dhuibhne, agus cuid mhaith acu ar Chosán na Naomh, nó gairid dó. Tá ceann acu ar fáil ag Corr Áille; téitear thairis ag teacht anuas ó Rinn Chonaill, cnocán go bhfuil Cill Maoilchéadair ar an dtaobh eile dhe. B’fhéidir nach bhfuil oiread eolais ar Chorr Áille agus atá ar shuíomheanna eile dá leithéid ar an leithinis; is dócha go mbíonn an iomarca tuirse ar lucht siúlta an Chosáin faoin am go mbaineann siad amach é! Níl sé ar cheann de na paistí is cúraimí sa dúthaigh sa lá atá inniu ann, sé sin le rá, na háiteanna a théann na turasóirí, ach bheadh sé le tuiscint óna ghiorracht do Chosán na Naomh gurb amhlaidh a cuireadh ar bun an chéad lá é chun foithin agus seirbhísí eile a chur ar fáil do na hoilithrigh, agus dá réir, gur áit chúramach é tráth dá raibh.

Tá an suíomh seo cosúil go maith leis an sampla i Riasc, go bhfuil tochailt déanta cheana air, agus tá cuid mhaith de na gnéithe a bhaineann lena leithéid de mhainistreacha ar fáil anseo chomh maith. Tá claí cloch timpeall ar an suíomh, agus tá clochán laistigh de sin, mar a mbeadh na manaigh ina gcónaí. Tá fothracha dhá chlochán eile ceangailte as an gclaí, ar an dtaobh amuigh de, ag imeacht soir ó thuaidh, ach sé is dóichí ná gur déanaí na clocháin sin ná tréimhse phríomh‑úsáid an tsuímh. Ach tá béal uaimhe i gceann amháin acu, agus mar sin, b’fhéidir go bhfuil sé chomh críonna leis an 8ú haois nó an 9ú haois AD. B’fhéidir go raibh na clocháin sin ann ar mhaithe leis na hoilithrigh ar an gCosán?

Tá cloch le crosanna greanta air le feiscint ar an suíomh seo chomh maith, cé go bhfuil sé briste. Tá cuid de curtha ina sheasamh arís, cé gur cuireadh ina sheasamh bun os cionn é! Dhá chros a bhí greanta ar an gcloch seo, agus tá bíseanna móra ag teacht amach as barr chros amháin acu. Tá sé de chuma ar an bpaiste ina bhfuil an chloch gur leacht é, b’fhéidir mar chlúdach ar uaigh speisialta, ach ar reilig go cinnte. Tá rian de chlaí inmheánach ann, a roinnfeadh an taobh beannaithe den suíomh (an reilig agus b’fhéidir an sáipéal), ón gcuid saolta (an limistéar chun cónaí agus chun oibriú ann). Tugann cúntaisí ó lár an 19ú haois le tuiscint dúinn go raibh úsáid á bhaint as an suíomh ag an am mar cheallúnach, agus tá roinnt iarsmaí ann go mb’fhéidir gur leacacha uaigheacha on dtréimhse sin iad.

Teampall Mhanacháin, An Baile Riabhach

Tá radharc bhreá ón mainistir seo, ag féachaint soir agus ó dheas agus siar. Séadchomhartha Náisiúnta is ea é, agus is mór is fiú é a lorg agus cuairt a thabhairt air, go háirithe lá breá. Tá sé tamaillín ó thuaidh ó bhaile Cheann Trá, isteach ó na bóithríní idir é sin agus Bóthar Fada an Daingin, i dtreo Bhaile an Fheirtéaraigh, ar na sleasa íochtaracha ar an dtaobh thoir de Leataoibh Mór. Cé go bhfuil an suíomh i n‑úinéireacht phríobháideach, tá cead deonaithe ag an úinéir ar an bpobal cuairt a thabhairt air, le barra flaithiúlachta, agus tá fógraí fiú curtha i n‑áirde aige chun a léiriú cén áit ba cheart páirceáil go sábháilte.

Tá claí goirt ar chúl an tsuímh (lastuas de ar an gcnoc, ar an dtaobh thuaidh), agus leanann sé líne an chlaí a bhí timpeall ar an suíomh an chéad lá. Laistigh de sin, tá fothrach sáipéilín ar nós Ghallaras; cloch oghaim; galláin le crosanna greanta orthu; agus uaimh le seomraín faoi thalamh. Tá bunsraith fothracha eile ann, agus b’fhéidir gur foirgintí iad seo a bhain leis an mainistir, ach b’fhéidir go mbaineann siad le úsáid eile a baineadh as an suíomh níos déanaí, go háirithe nuair a bhí daonra Chorca Dhuibhne i bhfad níos airde ná mar atá sé inniu, agus gur tógadh tithe cónaithe sa cheantar. Tá tobar beannaithe i n‑aice láimhe chomh maith.

Tá fallaí an tsáipéil slán os cionn leibhéal an fhardorais, cé go mb’fhéidir gur deineadh atógaint ar chuid mhaith dhe; tá seilf sa bhfalla thuaidh chomh maith. Tá crosanna simplí greanta ar roinnt de na clocha i bhfallaí an tsáipéil. Tá bluiríocha de chlocha gearrtha eile ar fáil istigh sa tsáipéal, agus deineadh ath‑chóiriú ar chloch mhaisiúcháin ar bharra an bhinn thiar. Tá reilig lastuas den sáipéal, go bhfuil trí ghallán ann le crosanna greanta orthu, agus baineadh úsáid as an reilig sin mar cheallúnach isteach sa 19ú haois.

Tá cloch oghaim ann, os cionn uaigh Naomh Manchán, mar a deirtear; sé an inscríbhinn atá air ná QENILOCI MAQI MAQI-AINIA MUC… (“Ceallach mac Mhac-Áine de threabh …”). Tá crosanna simplí greanta ar dhá aghaidh an ghalláin chomh maith.

I dtraidisiún a théann blianta fada siar, ceiliúrtar an tAifreann ar an suíomh seo le héirí na gréine ar mhaidin Domhnach Cásca (cé gur ar a 6 a chlog ar maidin a tharlaíonn sé de ghnáth).

An Raingiléis, Baile Uí Bhaoithín

Deirtear gurb é an bhrí atá leis an bhfocal “raingiléis” ná “áit ina bhfuil gach aon rud caite i ngabhal a chéile”, ach gach seans go bhfuil baint aige leis an bhfocal “eaglais”. Mainistir luath is ea an Raingiléis ar an Máimín, an bóthar a théann an cnoc suas amach as Baile an Fheirtéaraigh cliathánach le Sáipéal Caitliceach an bhaile, agus tá sé tuairim is 2.5 km (1.5 míle) ón mbaile. Sé atá sa tsuíomh seo ná claí cloch timpeall ar phaiste mór talún, nach mór i gcrot an chiorcail (68m x 61m), ach gabhann an bóthar trína lár. Tá cros mhór cloiche (1.23 m de le feiscint os cionn na talún) i gclaí an ghoirt ar thaobh do láimhe clé (.i. an taobh theas), agus tar éis duit gabháil thairis sin, bheadh fhios agat go bhfuil tú ag gabháil isteach sa tsuíomh, ceann de na suíomhanna is mó dá leithéid ar an leithinis. Tá formhór de ar an dtaobh thuaidh don mbóthar. Is dócha gur sa 6ú nó sa 7ú haois a bunaíodh é, ach ní fios cathain a éiríodh as é a úsáid mar mhainistir.

Istigh sa tSéadchomhartha Náisiúnta seo, ar an dtaobh thoir, tá fothrach sáipéal beag dronuilleogach, agus maireann na fallaí slán chomh hard leis an ndíon, cé go bhfuil cuid mhaith cré bailithe suas, nó titithe anuas, timpeall ar na fallaí, sa tslí is gur deacair é a fheiscint. Ach tá radharc soiléir ar fhardoras an doras tosaigh. B’fhéidir go raibh dealramh ag an sáipéilín seo leis an sáipéilín i nGallaras. Tá leac croise gairid don sáipéal, le maisiúchán ar an dá thaobh. Ar aghaidh an tsáipéil amach, tá ardán clocha, nó leacht, agus b’fhéidir gur ansin a bhí an phríomh‑reilig ag an mainistir tráth dá raibh. Sa chúpla céad atá imithe, baintí úsáid as an suíomh mar cheallúnach. Cé gur deineadh an áirithe sin tochailtí gairid go leor don suíomh seo roinnt bhlianta ó shin, níor deineadh aon tochailt fós laistigh de chlaí theorainn an tsuímh, agus níl aon traidisiún againn d’aon naomh ar leithrigh a bheith bainteach leis. Fuaireadh uaimh le linn na dtochailtí (http://www.excavations.ie/report/1998/Kerry/0003443/ agus http://www.excavations.ie/report/1999/Kerry/0004214/ chomh maith).

Cosán na Naomh

Gabhann Cosán na Naomh ag fálaeireacht trí Chorca Dhuibhne, ag déanamh ar bharr Chnoc Bréanainn, agus tá gach seans ann go bhfuil sé chomh críonna leis an dtréimhse roimh theacht na Críostaíochta. Is cinnte go raibh tábhacht mór ag an oilithreacht seo ó na meán‑aoiseanna ar aghaidh, agus bhí sé fite fuaite le cultas Bhréanainn féin. Pointe tábhachtach ar an slí ab ea Cill Maoilchéadair, áit go bhfuil ladhar mhaith iarsmaí i gcuimhne ar Bhréanann, cé gurb é Maolchéadair an naomh a bhunaigh an áit.

Ach tá ladhar mhaith eile mainistreacha ar feadh an Chosáin, cé nach bhfuil oiread aithne ar chuid acu. Ina measc, tá suíomh ag Corr Áille agus ceann eile ag Teampall na gCluanach (i Leataoibh Mór, agus ar thalamh phríobháideach), agus b’fhéidir suíomhanna eile ar nós Riasc, Gallaras, Cill na gColmán (i Mám an Óraigh), agus Teampall Mhancháin (ar an mBaile Riabhach), go bhfuil plé ar fhormhór acu anseo istigh. Cé go bhfuil tuairim mhaith againn mar gheall ar an gcúrsa a lean an Cosán san am atá imithe, ní féidir linn a bheith 100% cinnte mar gheall ar an rud ar fad anois.

A bhuíochas le tionscnamh a thosnaigh Comhairle na hOidhreachta, sa lá atá inniu ann, is féidir cuid mhaith den gCosán a leanúint ar shlí nua‑aimseartha, marcálta le comharthaí, ag tosnú i gCeann Trá agus ag críochnú sa Bhaile Breac. D’fhoilsigh an Chomhairle leabhar treorach chuige, ach faraoir, tá sé as cló anois, ach mar sin féin, tá an cúrsa marcáilte ar Mhapa Uimhir a 70 den sraith “Discover” de chuid an tSuirbhéireacht Ordnáis, agus tá cláracha eolais ina seasamh ag tús agus ag deireadh na slí. Is féidir teacht ar bhilleog treorach ag an nDíseart chomh maith, agus ag Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh, nó is féidir féachaint air ar‑líne anseo: http://westkerrymuseum.com/ga/siuloid/cosan-na-naomh/. Tá tóir mhór air mar shlí shiúlóide sa lá atá inniu ann, agus tá foinse eile eolais faoi anseo: http://www.irishtrails.ie/Trail/Cosan-na-Naomh–Saints-Road-/370/.

Tamall de bhlianta ó shin, tháinig fear de bhunús na háite ar iontas mór ar an bpointe is airde den gcosán, roimh dhul suas ar Chnoc Bréanainn féin, ar an gcnoc ar Rinn Chonaill, lastoir de Chill Maoilchéadair. Thug sé faoi ndeara go raibh foirm bhíse gearrtha isteach i mionnán carraige, lastuaidh den gcosán, uair éigint fadó fadó. Is deacair a rá an siombal é seo a bhain leis an oilithreacht, nó fiú an amhlaidh a gearradh é sa tréimhse roimh an stair, ach dob iontach an rud é teacht air, agus do chuir sé breis arís le saibhreas seandálaíochta na dúthaí.

Tá tús curtha le tionscnamh nua le blianta beaga anuas. Ar Shatharn Cásca, agus arís ar lá éigint le linn Sheachtain na hOidhreachta ag deireadh mhí Lúnasa, tugtar cuireadh dhúinn dul ag siúl ar cheann de na cosáin oilithreachta atá ar fáil go flúirseach ar fuaid na tíre (féach www.pilgrimpath.ie); anseo i gCorca Dhuibhne, deintear siúlóid treoraithe ar Chosán na Naomh chomh fada leis an mBaile Breac ag bun Chnoc Bréanainn. Cuir síos sa dialann é don mbliain seo chughainn! Tá leathanach Facebook ann mar gheall ar an siúlóid, anseo: https://www.facebook.com/pages/Cos%C3%A1n-na-NaomhThe-Saints-Path/878076325550228?ref=hl. Nó is féidir cuardach a dhéanamh ar “Chosán na Naomh/the Saints’ Path”. Cuirfear leis an leathanach anois is arís i rith na bliana, agus cuirfear leis go gníomhach sna seachtainí roimh Shiúlóidí Chosáin na hOilithreachta. Tabhair “like” dó!

Toibreacha Beannaithe

Tá tábhacht ana‑mhór riamh ag baint le fíor‑uisce glan a fhéadfaí a ól, dúinn go léir, agus beidh sé amhlaidh go deo. Tá tábhacht ana‑mhór dá réir ag baint le toibreacha glana sna háiteanna a shocródh na daoine síos, agus le himeacht ama, tá cumhachtaí eile curtha i leith chuid de na toibreacha seo, pén chúis atá leis sin. Le teacht na Críostaíochta, dhein toibreacha “beannaithe” de chuid de na toibreacha “speisialta” seo, agus tugtar ómós do chuid acu fós inniu. Tá toibreacha eile ann go bhfuil ainmneacha orthu, ach ní gá go measfaí gur toibreacha “beannaithe” iad, sa mhéid is nach mbeadh aon bhaint acu le naomh ar leithrigh, nó le suíomh eaglasta.

Mar sin, conas a dhéanfaimid cur síos ar “thobar beannaithe”, nó cad é an difríocht idir é agus aon tobar eile sa dúthaigh? Tá roinnt chúiseanna go nglaofaí “beannaithe” ar thobar sa lá atá inniu ann. Ceann acu is ea an traidisiún, go bhfuil sé á rá, chomh fada le cuimhne na ndaoine (agus b’fhéidir níos sia sa chás is go bhfuil cúntaisí scríte againn) go bhfuil cumhachtaí speisialta ag tobar áirithe, de ghnáth, i dtaobh is go bhfuil baint ag naomh nó ag duine beannaithe leis. Baistear cuid de na toibreacha as naoimh áirithe, rud a chuireann i n‑iúil cé chomh tábhachtach is atá siad. Tá baint ag toibreacha eile le suíomhanna mainistreacha nó le suíomhanna eaglasta eile. Uaireanta bíonn gallán le cros greanta air mar mharc ar an áit. Bíonn gnásanna áirithe ag baint le cuid acu, nó cumhachtaí “draíochta”, agus uaireanta tugtar cuairt orthu ar lá beannaithe áirithe sa bhliain (lá le naomh áirithe, nó lá speisialta i bhféilire na Críostaíochta, ar nós Domhnach Cásca, mar shampla). Uaireanta deintear oilithreacht nó “turas” orthu. Bíonn tor nó crann i n‑aice le cuid acu, ar a gceanglaítear ceirteacha nó ofrálacha eile, mar chomhartha ar leigheas a fuaireadh, nó le súil go bhfaighfí leigheas!

Cé go bhfuil timpeall 60 tobar beannaithe ar eolas againn i gCorca Dhuibhne inniu, ní raibh aon ómós á thabhairt a thuilleadh d’fhormhór acu faoin am gur deineadh Suirbhéireacht Seandálaíochta ar an áit go luath sna 1980í, agus faoin am sin, bhí cuid acu triomaithe suas, ar chúiseanna éagsúla. Is suimiúil an rud é a thabhairt faoi ndeara go bhfuil méadú ar an suim a cuirtear sna toibreacha beannaithe ó shin i leith, rud deas, go deimhin, mar is cabhair é an suim sin chun cosaint a thabhairt do na suíomhanna ársa seo, agus chun féachaint chuige go mairfeadh na nósanna a bhaineann leo.

I measc na samplaí is mó cáil ar an leithinis, tá Tobar Mhanacháin ar an mBaile Riabhach, mar a ndeintear an turas le breacadh an lae ar mhaidin Domhnach Cásca; Tobar Mhíchíl, i mBaile Móir Thiar, mar a gceiliúrtar an t‑aifreann ar Lá ’le Mhíchíl; tobar Ghobnait, ar an gCeathrúin i nDún Chaoin, mar a ndeintear an turas ar Lá ‘le Ghobnait, 11 Feabhra, agus mar a gceiliúrtar gnásanna eile, idir reiligiúnda agus sóisialta! Tugtar ómós fós do Thobar Eoin Baiste i gCill Mhuire sa Mhin Aird, agus do thrí cinn de thoibreacha i gCinn Aird (Tobar Fíonáin, Tobar Mhuire, agus Tobar Mhíchíl). Tá dhá thobar beannaithe i gCill Maoilchéadair, ceann acu baistithe as Naomh Bréanann. Níl ansin ach sampla beag de líon ard na dtoibreacha beannaithe sa leithinis.

Clocha Oghaim

Is i ndeisceart na hÉireann is mó atá teacht ar na clocha oghaim: i gContae Chiarraí, i gContae Chorcaí, agus i gContae Phort Láirge. Ach is anseo i gCorca Dhuibhne atá an dlús is airde acu, le breis is 60 ceann ar eolas againn. Is sna reiligeacha is minicí a bhíonn siad ar fáil, agus uaireanta bíonn cros orthu, rud a chuireann adhlacadh críostúil i n‑iúil dúinn. Ach tá teacht ar shamplaí eile lasmuigh dá leithéid de shuíomhanna, agus uaireanta greantaí an oghamchraobh ar ghalláin a bhain le tréimhsí i bhfad níos ársa (Aois an Chré‑Umha nó go déanach i nAois Nua na gCloch). Sna cásanna sin, b’fhéidir gur comharthaí teorann nó críche iad na galláin, nó gur comharthaí iad ar fhód báis dhuine éigin, nó ar an áit mar a maraíodh sa chogadh iad, nó go deimhin, mar a gcuireadh sa chré iad. B’fhéidir go raibh baint ag cuid de na galláin oghaim leis an oilithreacht, nó go mbaintí úsáideanna eile astu nach féidir linn a shamhlú. Aistríodh cuid de na clocha óna mbun‑shuíomh, agus baineadh ath‑úsáid astu ag tógaint uaimheacha (pasáistí faoi thalamh a bhain le liosanna go minic), nó níos déanaí sa tsaol, mar fhardoras ar dhoirse nó ar fhuinneoga i dtithe na ngnáth‑dhaoine.

Gearrtaí na litreacha i ngrúpaí de strócanna, idir cheann agus cúig cinn ins gach grúpa, ar chiumhais an ghalláin de ghnáth; chuir gach grúpa de strócanna fuaim amháin sa tSean‑Ghaeilge Ársa i n‑iúil. Sin é an leagan is sine de scríbhneoireacht na teangan atá fós á labhairt inniu againn, agus bunaíodh an aibítir seo ar aibítir na Laidine. B’fhéidir nach mbeadh i n‑aon inscríbhinn ar leith ach ainm, nó frása ar nós “X mac Y de mhuintir Z”, ach uaireanta cuirtear leis an eolas beagáinín san inscríbhinn. Tá inscríbhinní againn ón dtréimhse idir an 4ú haois agus an 8ú haois AD, agus tá gach seans go mbítí ag scríobh nó ag gearradh inscríbhinní ar ábhar eile, orgánach nó neamh‑orgánach, nár mhair go dtí an lá atá inniu ann.

Cloch oghaim amháin go bhfuil cáil ar leith air ná an ceann sa reilig i gCill Maoilchéadair, ar aghaidh fothrach an tsáipéil ón 12ú haois. Tá ceann eile le feiscint i mainistir Theampall Mhancháin (nó an Teampall Bán, mar a tugtar leis air), sa bhaile fearainn Baile Riabhach. Tá a thuilleadh acu ar fáil sna reiligeacha san Eaglais, i gCinn Aird Thoir (dhá chloch), agus i mBaile an Bhóthair, sa Ráth Dubh, gairid d’Abhainn an Scáil (dhá chloch). Tá bailiúcháin de chlocha ar fáil laistigh den suíomh i mBaile an tSagairt, gairid do chúrsa ráis an Daingin, agus ar thailte Choláiste Íde, mar a mbailíodh clocha ó áiteanna eile chun iad a chur ina seasamh arís ann. Tá an dá shuíomh deireannach sin ar thalamh phríobháideach.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil mar gheall ar na clocha Oghaim, i gCorca Dhuibhne agus i n‑áiteanna eile sa tír, ar an suíomh “Ogham 3D”: https://ogham.celt.dias.ie/menu.php?&lang=ga.

An ‘Holy Stone’

Ní beag é an mistéir a bhaineann leis an “Holy Stone” (mar a tugtar air as Gaeilge agus as Béarla), carraig mhór ar bharr Shráid na nGabhar, an Daingean, gairid do chúinne Bhóthairín an tSeana‑Sháipéil. Ní mar a chéile é sin agus an “Holy Ground”, nó Ionad na bPoll, ar an dtaobh eile don mbaile; b’fhéidir go raibh baint aige sin le tionscal an lín. Tá ladhar laga nó poill mhóra ar bharr an Holy Stone, sa tslí is go dtabharfadh na seandálaithe “bullán” air. Úsáidtear an focal Gaeilge sin as Béarla, ar nós mórán téarmaí eile i seandálaíocht na hÉireann (gallán, clochán, leacht, crannóg, lios, rath, fulacht fia, tóchar). Úsáidtear an focal “bullán” ag tagairt dá leithéid de charraig agus ag tagairt do na poill a bheadh ann. Ní gnách go mbíonn na bulláin chomh mór is atá ceann an Daingin, agus de ghnáth, ní bhíonn ach poll amháin iontu. Is minicí a bhíonn siad ar fáil i suíomheanna mhainistreacha na meán‑aoiseanna ná i n‑aon chomhthéacs eile.

Tá roinnt scéalta ann a mhíneodh dúinn conas go bhfuil an bullán seo san áit ina bhfuil sé, nó cad é an chuspóir a bhí leis. Tá sé ráite go mb’fhéidir gurb é umar an uisce coisric é ón sáipéal Caitliceach a bhí ar Bhóthairín an tSeana‑Sháipéil sa 18ú haois, agus tá cúntas ag an Suirbhéireacht Ordnáis go ndeintí “turas” air. Tá sé ráite chomh maith go raibh sé i n‑áit eile tráth, i mBaile an Mhuilinn, lasmuigh den mbaile, mar a bhfuil galláin eile agus samplaí d’ealaíon na gcarraigeacha fós le feiscint (rudaí a théann siar go dtí tréimhse luath i nAois an Chré‑Umha, nó b’fhéidir níos luaithe fiú). Ní dócha go mbeidh fhios againn go deimhnitheach cad as don gcarraig seo go fírinneach.

Mar sin, cad é an úsáid a bhaintí as na bulláin? Mar a luadh anseo thuas, úsáidtí don uisce coisric iad, ach is i gcomhthéacs déanach é sin. Tá sé ráite go mb’fhéidir gurb é an úsáid a bhaintí as na bulláin seo, go háirithe nuair a bhaineann siad le mainistreacha luatha, ná mar bhróite muilinn, ach le feidhm speisialta eaglasta (rud a mhíneodh cad ina thaobh nach mbíonn siad ar fáil ar shuíomhanna saolta den dtréimhse chéanna, .i. na liosanna, na caisil, srl.). B’fhéidir go mbaintí úsáid astu chun ábhar a ullmhú le húsáid i searmanas reiligiúnda éigin? B’fhéidir nach mbeadh fhios againn go cinnte go deo.

Tá sé suimiúil a thabhairt faoi ndeara go bhfuil ceann de na seana‑phumpaí a d’úsáidtí chun uisce a sholáthar do mhuintir na sráide fós ann, díreach i n‑aice leis an Holy Stone. Ar shlí, cé nach bhfuil na píosaí seo de “throscán na sráide” chomh críonna leis an Holy Stone, tá siad chomh tábhachtach céanna leis i stair an bhaile!

Sáipéil Pharóistí na Meán‑aoiseanna

Formhór na bhfothracha atá ina seasamh fós ar an leithinis, is fothracha iad de sháipéil na bparóistí, nó ceann éigin acu, is “caisleáin” iad, sé sin le rá, tithe túir (ón dtréimhse idir an 14ú haois agus an 16ú haois). Is ar shistéam na ndeoisí agus na bparóistí a bhí eagraíocht na heaglaise bunaithe sna meán‑aoiseanna, agus ina ndiaidh, ach níor thosnaigh crot ceart ag teacht ar an sistéam sin go dtí go déanach sa 12ú haois, nó ina dhiaidh sin. Bunaíodh 19 gcinn de pharóistí i gCorca Dhuibhne, agus tógadh cuid de na sáipéil ar shuíomhanna eaglasta ó Ré Luath na Críostaíochta, cé gur tógadh cuid mhaith acu ar shuíomhanna nua, agus bhí baint ag cuid acu leis na teaghlaigh Angla-Normannacha a shocraigh síos sa cheantar.

Sa lá atá inniu ann, tá fothracha ina seasamh fós ar 12 shuíomh acu, agus seachas an sáipéal maorga Rómhánúil ón 12ú haois i gCill Maoilchéadair, níl iontu ach tithe simplí dronuilleogacha le dhá bhinn, gan aon roinnt le feiscint idir chorp an tsáipéil agus an saingeal, agus gan puinn ornáidíochta. I measc na samplaí is fearr a mhaireann fós, tá na cinn sa tSráidbhaile, i gCill Aighne agus i gCill Seanaigh (gairid do Chaisleán Ghriaire), i mBaile Uí Bhaoithín (gairid do Bhaile an Fheirtéaraigh), agus sa Chlochán. Tá sáipéil eile le feiscint i nDún Chaoin agus i nÍnse. Deineadh tochailt sa bhliain 1991 ar Dhún Úrlann, sna Gorta Dubha gairid do Bhaile an Fheirtéaraigh, rud a nocht fothrach an tsáipéil ann, a bhí clúdaithe go dtí sin. I mBaile an Daingin, tá leacacha ó na meán‑aoiseanna sa reilig timpeall ar Sháipéal Shain Shéamais; ón 19ú haois an sáipéal sin, ach bhí sáipéal eile ar an suíomh céanna roimhe sin.

Tá fothracha gairid do Chill Maoilchéadair ar a dtugtar “Tigh an tSainsiléara” agus “Fothrach Bhréanainn” (nó “Tigh an tSagairt”), agus b’fhéidir gur go déanach sna meán‑aoiseanna a tógadh iad sin.

Sáipéal agus Reilig Shain Shéamais, Baile an Daingin

Is laistigh d’fhallaí an bhaile a bhí sáipéal pharóiste an Daingin sa 13ú haois, agus is do Shan Séamas a tiomnaíodh é. Bhí sé san áit atá sáipéal an lae inniu, nó gairid dó; is sáipéal de chuid Eaglais na hÉireann é sin, a tógadh sa bhliain 1807. B’fhéidir gur fearr an cur amach atá air mar ionad do choirmeacha ceoil i rith an tsamhraidh, nó an áit mar a deintear taifead ar na cláracha teilifíse “Other Voices”. Gach seans gur ón seana‑sháipéal a tháinig an t‑umar cloiche atá sa tsáipéal nua.

Port ab ea an Daingean, as a mbíodh daoine ag tabhairt faoi Shantiago de Compostela, sa Ghailís sa taobh thiar thuaidh den Spáinn, ar oilithreacht mór na meán‑aoiseanna i n‑onóir Shain Shéamais. Is don naomh céanna a tiomnaíodh sáipéal na meán‑aoiseanna agus an sáipéal nua araon, rud a léiríonn an seana‑cheangal idir an ceantar seo agus Leithinis na hIbéire.

Tá an reilig timpeall ar an sáipéal suimiúil; tá roinnt leacacha agus tuamaí ann ó na meán‑aoiseanna déanacha, chomh maith le roinnt clocha gearrtha ón seana‑sháipéal. Tá suim ar leithrigh ag baint le ceithre chloch acu, iad go léir i lár na reilige, soir ó dheas ón sáipéal. An ceann is fusa le aimsiú ná an ceann i mbéal thuama mhuintir Mhullins, díreach laisteas don sáipéal, taobh leis an gcosán a imíonn timpeall air. Tá inscríbhinn mhór fhada as Béarla ar an leac seo, le cúntas ar bhás Frederick Mullins sa bhliain 1695, i n‑aois 31 bliain. Ba bhall é den dteaghlach a bhí ina gcónaí ina dhiaidh sin sa Tigh Mór i mBaile an Ghóilín, agus a bhain amach an teideal “Lord Ventry” dóibh féin.

Tá leac eile ann, atá briste ina dhá leath anois, go bhfuil inscríbhinn as Laidin timpeall ar an iomall air, agus is dócha gur i gcuimhne ar Ghearóid Mac Gearailt a gearradh é. Tá an bhliain 1504 greanta air, agus tá trí sciath air; tá armas Ghearaltaigh na Mumhan ar cheann amháin acu, ina bhfuil sailtír dhearg luite anuas ar thorc agus ar ghríobh.

Tá droch‑chaoi ar an tríú leac, ceann traipéasóideach a bhaineann le muintir Ríse, agus ní féidir an inscríbhinn, as Laidin is as Béarla, a léamh a thuilleadh. Leac i gcuimhne ar Stephen Rice is ea é, a cailleadh sa bhliain 1622, agus ar a bhean Ellen Trant, a cailleadh cúig bliana roimhe. Tá sciath greanta air, le leon ina sheasamh ar a chosa deiridh, cé nach féidir é sin a dhéanamh amach go soiléir a thuilleadh.

Crot na dinge atá ar an leac deireannach; níl aon inscríbhinn air, ach tá swastika mar mhaisiúchán ar leath amháin de, agus dearthóireacht de línte cuartha fite fuaite trína chéile ar an leath eile. Gach seans go mbaineann sé leis an 16ú haois nó leis an 17ú haois.

Tá leacacha suimiúla eile sa reilig, nach bhfuil chomh críonna céanna; is dócha gurb é seo reilig mhuintir an Daingin ó tógadh an chéad sháipéal ann sa 13ú haois anuas go dtí an 20ú haois féin.

Sápéail Pharóiste Dhún Úrlann, na Gorta Dubha

Ó dheireadh an 12ú haois ar aghaidh, thosnaigh crot ceart ag teacht ar shistéam na ndeoiseanna agus na bparóistí ar a mbunaíodh an eaglais i nÉirinn sna meán‑aoiseanna, agus ina ndiaidh. Bunaíodh 19 gcinn de pharóistí i gCorca Dhuibhne; lena linn, is i nArd Fhearta a bhí suíomh na deoise. Sa lá atá inniu ann, tá fothracha fós ina seasamh ar 12 shuíomh acu, agus seachas an sáipéal maorga Rómhánúil ón 12ú haois i gCill Maoilchéadair, níl iontu ach tithe simplí dronuilleogacha le dhá bhinn, gan aon roinnt le feiscint idir chorp an tsáipéil agus an saingeal, agus gan puinn ornáidíochta. Baineann siad le réimse dátaí ón 12ú haois go dtí an 16ú haois.

Is sna Gorta Dubha atá an sáipéal a bhain leis an bparóiste meán‑aoiseach Dún Úrlann (gur cuid de Pharóiste an Fheirtéaraigh inniu é), agus tá úsáid á bhaint fós as síneadh a cuireadh le reilig na meán‑aoiseanna mar reilig an pharóiste inniu. Cé gur dócha gur sa 13ú haois a bunaíodh lár‑ionad an pharóiste ann, is dócha gur leis an 15ú haois a bhaineann na fothracha féin, agus gurb iad na Feirtéaraigh na tógálaithe, teaghlach go raibh tailte leathana sa dúthaigh seo ina seilbh ó dheireadh an 13ú haois ar aghaidh. Tugann cúntaisí stairiúla le tuiscint go raibh an sáipéal á choimeád i ndea‑riocht isteach sa 17ú haois, ach nach raibh ann ach fothrach faoi lár an 18ú haois.

Deineadh tochailt ar an suíomh seo sa bhliain 1991, faoi stiúir Mhícheál Uí Choileáin, le súil is go bhféadfaí fothrach an tsáipéil a nochtadh arís, ón uair go raibh sé clúdaithe. Faoi choimirce Oidhreacht Chorca Dhuibhne a deineadh an saothar, le tacaíocht ó Chiste na hÉireann. Chun cuairt a thabhairt ar an sáipéal, níl le déanamh ach siúl tríd an reilig chomhaimseartha, agus tá sé le feiscint i gcúl na reilige. Tá an doras le feiscint go soiléir, agus umar an uisce coisric ar thaobh do láimhe dheise. Ní raibh aon radharc ar na gnéithe seo, ná ar na fallaí féin, sarar deineadh an tochailt.

Sáipéal Pharóiste Dhún Chaoin ó na Meán‑aoiseanna

Is beag an méid atá fós le feiscint os cionn na talún de sháipéal pharóiste Dhún Chaoin ó na meán‑aoiseanna, sáipéal a bhí ann ó dheireadh an 13ú haois ar a laghad, agus gur dócha gur baineadh úsáid as go deireadh an 16ú haois. Tá sé díreach i n‑aice le sáipéal an lae inniu, agus is ann a cuireadh muintir an pharóiste ón 13ú haois anuas go dtí an 20ú haois. Seachas doras le fardoras sa chliathán thuaidh, agus cuid d’fhuinneog dhronuilleogach sa bhinn thiar, níl aon ghnéithe seandálaíochta eile le tabhairt faoi ndeara sa bhfoirgneamh. Gach seans gur ón sáipéal seo a tháinig an t‑umar cloiche atá i bpóirse sháipéil an lae inniu.

Is anseo a cuireadh Tomás Ó Criomhthain (1855-1937), an tOileánach, agus sé Séamus Murphy, saor cloch na dea‑cháile ó Chorcaigh, a dhealbhaigh an leac os a chionn. Tá inscríbhinn ar an leac, agus maisiúcháin, ina measc bradán agus criú naomhóige ag rámhaíocht (cé go bhfuilid suite soir siar sa bhád!).

Tá macasamhail shuimiúil d’Íosa á chéasadh ar an gcrois istigh sa bhfalla ar an dtaobh amuigh d’fhothrach an tsáipéil, taobh leis an uaigh, agus tá cúpla cros gharbh déanta as clocha sa reilig chomh maith, agus iad curtha ina seasamh ann mar chomharthaí ar uaigheacha.

 

This page is also available in: English