An Mhúrealaín
Tá seomra na cuallachta a bhí, mar a gcaitheadh na mná rialta tamallacha saoire óna ndualgais agus a saothar, ina sheomra i gcuimhne bunaitheora a n-oird, Nanó Nagle, anois. Tá scéal a beatha agus a saothair inste i múrphéintéireacht ar na fallaí. Saothar é sin a rinne Eleanor Yates ar choimisiún ón Moinsigneor Pádraig Ó Fiannachta tar éis dó cuid dá saothar a fheiscint sa Daingean agus i Greeley, California mar ar oileadh í, agus an scéal a phlé leis na Siúracha.

Sa chúinne os cionn an dorais isteach sa seomra tá túrtheach de Nógla, teach na muintire i mBaile Uí Ghrífín, mar a rugadh Nanó. Tá aingeal beag ansúd agus lampa aige ag caitheamh solais ó neamh ar an áit. Sa chuid eile den fhalla tá Nanó ag féachaint siar óna cóiste galánta maidean Earraigh ar radharcanna Pharis agus na bochta ar a slí chun Aifrinn i measc na radharc sin.  Seo pointe cinniúnach i saol Nanó mar gur chuir a bhfaca sí í ag machnamh ar bhaois a saoil. Neartaigh sampla a deirféar, Ann, atá le feiscint sall uaithi, í chun tabhairt faoi fhóirithint ar bhoicht.

Chreid Nanó gur mór an chéim ar aghaidh an t-oideachas do chách sa tsochaí. Sa bhfalla os cionn an teallaigh tá sí ag múineadh gasra leanaí as gach aird den chruinne, rud a chuireann ar ár súile dúinn gur mar sin atá ag Ord na Toirbhirte inniu.

Tá an t-easpag Ó Maoláin (a bhí ina easpag i gCiarraí sular aistríodh go Corcaigh é) a chabhraigh léi ar dheis an phictiúir sin agus a hathair féin ar chlé. Ar phictiúirín atá ar a bhosca snaoise atá taobh le seanleabhair ar imeall an phictiúir mhóir atá sé seo bunaithe. Maireann meon Nanó i measc na mban a leanann a rian inniu. Tá sé le léamh ina ráiteas misin: ‘Déanaimid sinn féin a thíolacadh do: oideachas ar son leasaithe na sochaí; tabhairt faoi chúiseanna bunaidh na bochtaine; saothrú d’fhonn na córais a chothaíonn éagóir a athrú; comhar a dhéanamh le grúpaí agus le daoine aonair a bhfuil an dícheall céanna á ngriogadh.’ Tá, idir na fuinneoga, portráid de Nanó, b’fhéidir,leis an ealaíontóir aitheanta John Barry ón Linn Dubh, Corcaigh, agus grianghrafanna de bhaill níos déanaí de chuallacht an Daingin, ar chuaigh idéalachas agus sampla Nanó i bhfeidhm orthu i dtreo gur chaitheadar a saol i seirbhís na hEaglaise agus ar mhaithe leis an gcine daonna sa bhaile agus i gcéin.

Ar an bhfalla deiridh tá ‘Bean an Lampa’, mar a thugtaí ar Nanó, ag caitheamh sholas Dé ar an domhan, ag cur scaipeadh ar éadóchas agus ar aineolas. Thugadh Nanó a lampa léi fiú i ndúluachair na bliana agus í ag póirseáil trí chúlshráideanna dorcha Chorcaí ar thóir na mbocht, a raibh bia nó éadach nó cúram sláinte nó focal beag cneasta misnigh de dhíth orthu. Tá Ord na Toirbhirte i láthair ina shiombal, an crann daire, agus an domhan is a bhfuil ann cuachta ina brat ag Nanó. Bíonn an seomra seo in úsáid acadúil ar uairibh.

This page is also available in: English