Feidhmíonn An Díseart mar ionad do phobal bríomhar a chuireann an Cultúr agus an Spioradáltacht Cheilteach chun cinn mar dhlúthchuid d’ár n-oidhreacht áitiúil. Tá sé lonnaithe sa Daingean i sean Chlochar na Toirbhearta. 

Ó cuireadh An Díseart ar bun i 1996, d’fhorbair sé mar ionad taighde ar gach gné den Spioradáltacht Éireannach agus den Chultúr Ceilteach, ina measc an diagacht, teanga, litríocht, ealaín, dlithe, béaloideas, luachanna, spioradáltacht, stair, ceol, seandálaíocht agus nósanna. B’é Msgr. Pádraig Ó Fiannachta, trócaire air, a bhí ina cheann air agus tá ceangal ag An nDíseart lena chnuasach luachmhar lámhscríbhinní agus leabhar atá i dtaisce i Leabharlann an Daingin. 

Le tacaíocht Shiúracha na Toirbhearta tá An Díseart á stiúradh ag bord deonach a thugann aire don fhoirgneamh agus dá thailte is a dheánann iad a chothabháil. Tá an t-ionad ar fáil don phobal le haghaidh gníomhachtaí spioradálta, ealaíonta, cultúrtha agus Gaelacha agus is áit é gur feidir le daoine a mbuanna a thabhairt i lár an aonaigh agus iad a roinnt. Eagraíonn An Díseart féin imeachtaí cultúrtha, spioradálta agus oidhreachta i rith na bliana agus tá na gairdíní ar fáil le haghaidh picnicí, teacht le chéile cultúrtha nó paidreoireacht phríobháideach agus machnamh.

Cormac Begley agus Diarmuid Lyng sa ghairdin
Clann sa ghairdín
Braiteacha sa Díseart

This page is also available in: English