Leabharlanna

Tá cnuasach mór de leabhartha faoin spioradáltacht agus faoin nGaeilge curtha le chéile ag an nDíseart.

Tá leabharlann cuimsitheach an stiúrthóir acadúil, an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta, a bhí tráth ina Dhéan ar an Léann Ceilteach i nOllscoil na hÉireann, Mhá Nuad, ar fáil istigh i Leabharlann an Daingin taobh leis an nDíseart. Is cnuasach cuimsitheach é seo go bhfuil nach mór gach aon saothar acadúil de chuid na hÉireann ann, agus tá macasamhla de na leabhartha móra agus de na lámhscríbhinní móra ann chomh maith.

Seomraí Léachtóireachta

Tá roinnt seomraí sa Díseart ar fáil do bhaill an phobail chun imeachaí nó ranganna a reachtáil.

Tá áiseanna ar fáil chomh maith a fhéadfadh comhluchtaí nó eagraíochtaí a thógaint ar cíos, ach teacht i dteangmháil leis an oifig ag info@diseart.ie nó ag +353 66 915 2476 chun teacht ar a thuilleadh eolais.

This page is also available in: English