Freascó den Suipéar Deireannach

Tá an t‑ealaíontóir Eleanor Yates tar éis freascó a phéinteáil le déanaí istigh sa tseomra mar a mbíodh na mná rialta ag ithe. Sé an pointe ama sa phictiúir ná an tSácráil: tá Arán na Beatha ina láimh ag Íosa, agus é á thairiscint d’Eoin Broinne. Tá Iúdás imithe cheana féin, agus tá a chathaoir iompaithe bun os cionn ar an urlár; tá na haspail eile ar tinneall ag stánadh ar Íosa. Ina dhiaidh sin, is amhlaidh a thógfaidh Íosa cupa an fhíona agus déarfaidh sé focail na sácrála, agus tabharfaidh sé é sin do na haspail chomh maith. Tá na daoine sa phictiúir bunaithe ar chuid de mhuintir na háite, nó ar chuairteoirí a bhuail leis an ealaíontóir sa Daingean, agus bhí gach éinne acu lán‑sásta páirt a ghlacadh sa radharc álainn sollúnta seo.

Thóg sé timpeall ocht mí ar fad uirthi ag beartú, ag dearadh, ag pleanáil agus ag plástráil na trí gcótaí difriúla, ag péinteáil daichead giota lae, seachas tamall fada i Firenze ag foghlaim agus go deimhin ag múineadh níos mó ná ag foghlaim cuid den am. 

Tá an frescó suite go cuí i mbialann an chlochair a bhí agus ag tagairt don láthair agus do stair agus d’ealaín ársa Chorca Dhuibhne agus dá thírdhreach. Ar shráideanna an Daingin a bhuail sí le cuspaí na nAspal. Ní bhfuair sí aon Iúdás ann. Is é seo an t-aon sampla den ‘buon fresco’ in Éirinn.

 

Is i gColorado a rugadh is a tógadh Eleanor Yeats. D’freastail sí ar Ollscoil Thuaisceart Cholorado, mar a bhain sí amach cáilíochtaí mar ealaíontóir múr‑phictiúirí. Thug Paróiste an Daingin coimisiún d’Eleanor an scrín de Mhuire Fatima a athnuachtaint agus a athphéinteáil. Dhein sí é sin sa bhliain 2005, agus is go hálainn a dhein sí é. Sarar chríochnaigh sí é, áfach, tháinig sagart ar cuairt ann, An tAth. Sharpe CSSp, a bhí ag obair sna misiúin sa Ghambia i n‑iarthar na hAfraice; bhí se ag lorg ealaíontóir a phéinteálfadh múr‑phictiúirí i sáipéal mór nua a bhí díreach tógtha sa Ghambia aige. Dúirt Eleanor go ndéanfadh sí an obair sin dó, agus ó shin i leith, níor stop sí ach ag obair i bhfad is i gcéin: i gColorado, i bhPhiladelphia, i nIowa, agus i gCalifornia. Chríochnaigh sí an obair i Seomra Nano Nagle sa Díseart i n‑earrach na bliana 2009, agus an freascó ina dhiaidh.

last supper fresco by Eleanor Yates
Dréacht - obair ar siúl
Suipéar deirneach Freascó
Artist Eleanor Yates
Eleanor Yates - ealaíontóir

Díseart Visitor Centre

The Harry Clarke Windows

The Nano Nagle Room

Last Supper Fresco

Chapel of the Sacred Heart

Díseart Gardens

This page is also available in: English