Séipéal an Chroí Ró-Naofa

Seod Nua-Ghotach is ea séipéal an Chroí Ró-Naofa. Bhain an t-ailtire J.J. McCarthy (1817-’82) feidhm as stíl mheánaoiseach a bhí ag bláthú arís ag an am agus mhaisigh sé í sin le tréithe dúchais.

Séipéal an Chroí Ró-Naofa The Chapel of the Sacred Heart

Is láthair shacrálta é an séipéal a lonraíonn le healaín agus le solas a fhuinneoga áille gloine daite. Athchóiríodh an séipéal sna 1920aidí faoi threoir fhlaithiúil na Máthar Íde Ní Mhaicín.  Chuir lonnú cáiréiseach fuinneoga Harry    Clarke, fuinneoga a choimisiúin an Mháthair Íde ar £1,000 i 1922, an  an clabhsúr ar an athchoiriú. Léiríonn na fuinneoga seo beatha Chríost óna bhreith go dtí a bhás agus a aiséirí le barr ealaíne agus áille. Tá an séipéal tíolactha don Chroí Ró-Naofa mar atá á chur in iúl go soiléir ag an gCroí Ró-Naofa, siombal ghrá Chríost dúinn, atá snoite go maisiúil ar thosach na haltóra agus go glioscarnach ar dhoras an taibearnacail. San fhuinneog díreach ar chúl na haltóra léirítear Taibhsiú an Chroí Ró-Naofa do Naomh Máiréad Muire Alacoque. B’é R. M. Buitléir a dhear an altóir agus b’é George Smith a dhealbhaigh. Duine d’ailtirí mórchlú eaglaise a linne ab ea Rudolf Maximilian Butler mar ba lánainm dó, agus is é leis a dhear foirgneamh Choláiste an hOllscoile, Áth Cliath,  Halla Ceolchoirme Náisiúnta an lae inniu. Ceapadh é ina ollamh i gceannas ar Roinn na hAiltireachta i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath i 1924, post a bhí aige go bás, i 1943. Is é an Buitléireach leis a dhear an sanctóir. Mhaisigh sé uachtar na bhfallaí le tíleanna de mharmar daite ón Iodáil, agus a n-íochtar le ceithre phainéal fichead le siombail ar leith. Ina measc sin tá an crann daire, siombal Ord féin na Toibhirte. Tá ann an fhíniúin, an chailís, cros Cheilteach, uirlisí na Páise—an choróin spíne, na tairní, an tsleá agus an spúinse agus a lán siombal eile a chuireann gnéithe de pháis, de bhás agus d’aiséirí slánaitheach ár dTiarna in iúl dúinne inniu, agus a dhein do na mná rialta le linn an Aifrinn agus  cheiliúradh na dtráth. Is geall le ‘gura maith agaibh a cheardaithe’ an painéal deiridh ar chlé, casúr agus riail. Cuireadh isteach na fuinneoga gloine daite sa sanctóir in 1899. Is é Comhlacht Franz Mayer Stained Glass of Munich, an Ghearmáin a dhein. B’é an comhlacht seo a chuir gloine dhaite i naoi n-ard-eaglais nó breis in Éirinn: Doire, Durlas, Leitir Ceanainn, Bealach a’ Doirín, Port Láirge, Béal an Átha, Inis Córthaigh, Ceatharlach agus Cóbh. Tá a saothar le feiscint i thar chéad ard-eaglais ar fud an domhain agus Baisleac Naomh Peadar sa Róimh ina measc.

Séipéal an Chroí Ró-Naofa

 Tá an chéad fhuinneog ar chlé, Teachtaireacht an Aingil, tíolactha don déirceach Clarissa Hussey atá curtha in Eaglais N. Muire taobh le séipéal na mban rialta tráth, ach séipéal na Naomh-Shacraiminte inniu, mar atá ráite romhainn. Ar an bhfalla taobh leis an uaigh tá plaic i gcuimhne Clara (mar atá ar a cónra) Hussey. Ar an bhfalla díreach sall uaidh sin tá plaic don Chanónach Dónall Ó Súilleabháin S.P. an Daingin 1856-1898. Ba mhór an chabhair don chlochar an £2,500 a d’fhág sé le huacht acu. Is dó atá an fhuinneog ar dheis fhuinneog an Chroí Ró-Naofa tíolactha .i.  fuinneog an Teaghlaigh Naofa. Toirbhirt Mhuire sa Teampall a bhfuil baint chomh mór sin aige le misean Ord na Toirbhirte atá sa dara fuinneog ar chlé. ’Sé atá sa phictiúr deirineach ar dheis ná Tógáil na Maighdine Muire suas ar Neamh, agus na hAspail, de réir traidisiúin, ag féachaint isteach ina cónra; tá sin follamh seachas bláthanna.

This page is also available in: English