Gairdíní an Díseart
Gairdín Chrann na Beatha
Gairdín Chrann na Beatha
Previous slide
Next slide

Gairdíní An Díseart

Tá fáilte roimh chuairteoirí chun na ngairdíní áille, Gairdín na gCéadfaí, Gairdín na hUrnaí agus Gairdín Chrann na BeathaáhUrnaí

Gairdín na gCéadfaí

Tom and Breda Sensory Garden An Díseart
Diseart sensory gardden

Gairdín na hUrnaí

The Convent Gardens & The Tree Of Life Garden
Garden II Prayer Garden
The labyrinth in the Prayer garden

Gairdín Chrann na Beatha

‘Sé a bhí i gceist leis an gairdín ná spiorad an phobail a neartú i gCorca Dhuibhne, cur lenár n-ómós áite agus lenár gceangal leis an gcruinne chomh maith le timpeallacht shéimh a chruthú sa ghairdín crannmhar seo.

Tá clann choimhdeachta ag gach aon chrann. Tá ainmneacha na gclann snoite ar sheansclátaí (ó dhíon an iarchlochair ) a leagadh ag bun gach crainn atá i gceist. Cuireadh na crainn seo i dteannta a chéile agus beidh a rútaí  fite fuaite ina chéile agus snaidhmfidh siad an pobal le chéile, leis.

Is beith nó caorthann gach aon tarna crann sa ghairdín. De réir an traidisiúin, seasaíonn an bheith do thús nua agus is siombal cumhachtach den íonghlanadh agus den athnuachan í. Caomhnaíonn an crann beithe fuinneamh an athraithe agus meabhraíonn sé dúinn  go leanann an bheatha an bás i dtimthriall síoraí na beatha. Chreid ár sinsir gur sheas an caorthann do rúndiamhra ceilte an nádúir..Aithníodh an crann seo mar gharda nó cosantóir riamh anall agus creideadh gur thug sé misneach agus neart dóibhsean a bhí ar chosán na spioradáltachta agus an tsoilsithe.

Tá trí chiorcal nasctha le chéile i ndearadh an ghairdín.Ciorcal an phobail an chéad ceann mar a bhfuil boird le haghaidh picnice anseo is ansiúd. Ciorcal na piorróige an tarna ceann. Tá an crann láir timpeallaithe ag ciorcal de chrainn níos lú: tá ainm gach scoile sa leithinis ag bun na gcrann seo.

Tá An Cúilín Seabhrach sa tríú ciorcal. Anseo a bhíonn siamsaíocht agus oireachtais chun an pobal a thabhairt le chéile d’fhonn bheith ag ceiliúradh.

Cuireadh crainn agus bláthanna dúchais sa ghairdín chun réimse leathan den fhiadhúlra a chothú. Is é atá mar aidhm leis  ná tearmann a chruthú don fhiadhúlra agus don duine araon sa tslí gur féidir leo sásamh a bhaint as an dtimpeallacht seo a bhíonn ag síorathrú.

The Family Tree Garden Díseart
The Convent Gardens & The Tree Of Life Garden
Family Tree garden at an Díseart
The Upper Garden

This page is also available in: English