An Gaeltacht
Diseart logo

Bainisteoir Turasóireachta in Oiliúint leis An Díseart

Tá post mar Bhainisteoir Turasóireachta in Oiliúint sa Díseart, a mhairfidh suas le 24 mí, á thairiscint do dhuine a bhfuil líofacht Gaeilge acu.  Tá tacaíocht chun an post seo a chruthú á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá phlean chun tograí Turasóireachta Straitéiseacha a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Beidh an post lonnaithe sa Díseart, Sráid an Doirín, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí.

Beidh an té a cheapfar páirteach i ngréasán foghlama de thograí straitéiseacha turasóireachta sa nGaeltacht. Mar chuid den ról seo beidh dualgas ar an té a cheapfar freastal ar chlár foghlama thar thréimhse na fostaíochta. 

Duine cumasach a bhfuil suim acu obair mar pháirt do fhoireann, le cáilíocht 3ú leibhéal ábhartha (Staidéar Oidhreachta, Staidéar Músaeim, Seandálaíocht, Turasóireacht, Margaíocht, Stair & Ealaín, mar shampla) agus spéis i gcur chun cinn agus i bhforbairt na hearnála Turasóireachta sa nGaeltacht. Beidh bainistíocht daoine ag teastáil sa ról, nó taithí ábharta.

Ní mór d’iarrthóirí ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge a bheith acu chomh maith le scileanna ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin. 

Íocfar liúntas bliaintúil de €28,000 – €30,000, ag braith ar thaithí.  Is í an tseachtain oibre ná 30 uair an chloig, le roinnt de na huaireanta seo tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine. Is féidir sonraí an phoist a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig runai@diseart.ie

Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae, roimh 5 i.n. ar an Aoine, 1ú Márta chuig: runai@diseart.ie le fostaíocht líne an ábhair. 

Is fostóir chomhdheiseanna An Díseart

 

Ráiteas Mhisean an Dísirt

Deirdre Mc Kenna
Niamh Ní Dhúill
Marcus Mac Chonghaile

https://diseart.ie/ga/rialachan/Feidhmíonn An Díseart mar ionad do phobal bríomhar a chuireann an Cultúr agus an Spioradáltacht Cheilteach chun cinn mar dhlúthchuid d’ár n-oidhreacht áitiúil. Tá sé lonnaithe sa Daingean i sean Chlochar na Toirbhearta. 

Ó cuireadh An Díseart ar bun i 1996, d’fhorbair sé mar ionad taighde ar gach gné den Spioradáltacht Éireannach agus den Chultúr Ceilteach, ina measc an diagacht, teanga, litríocht, ealaín, dlithe, béaloideas, luachanna, spioradáltacht, stair, ceol, seandálaíocht agus nósanna. B’é Msgr. Pádraig Ó Fiannachta, trócaire air, a bhí ina cheann air agus tá ceangal ag An nDíseart lena chnuasach luachmhar lámhscríbhinní agus leabhar atá i dtaisce i Leabharlann an Daingin. 

Le tacaíocht Shiúracha na Toirbhearta tá An Díseart á stiúradh ag bord deonach a thugann aire don fhoirgneamh agus dá thailte is a dheánann iad a chothabháil. Tá an t-ionad ar fáil don phobal le haghaidh gníomhachtaí spioradálta, ealaíonta, cultúrtha agus Gaelacha agus is áit é gur feidir le daoine a mbuanna a thabhairt i lár an aonaigh agus iad a roinnt. Eagraíonn An Díseart féin imeachtaí cultúrtha, spioradálta agus oidhreachta i rith na bliana agus tá na gairdíní ar fáil le haghaidh picnicí, teacht le chéile cultúrtha nó paidreoireacht phríobháideach agus machnamh.

 

Tuilleadh eolais faoi Rialachán ag An Díseart

This page is also available in: English