Giorría : FAOI SCÁTH…LE CHÉILE

GIORRÍA

FAOI SCÁTH…LE CHÉILE

 Seó spleodrach spraíúil amuigh faoin aer!

Tar linn ar thuras faoi chumhacht an nádúir agus teacht aniar na ndaoine in am an ghátair. Curtha i láthair ag GIORRIA, i ngairdín An Dísirt sa Daingean.

Beidh meascán de cheol, rince, scéalaíocht, amhránaíocht ‘s filíocht.…agus caithfear súil ghrinn ar na nithe a spreagann an greann in aimsir na géarchéime, i gcomhluadar na mbandéithe Mór agus Mís, agus cúpla Cailleach!

Is comhchoiteann ildánach amharclannaíochta GIORRIA agus beidh an seó spraíúil seo ar siúl i nGáirdín an Dísirt sa Daingean ar an Satharn 7 Lúnasa ag 20.30

 Ticéid-Saor in aisce, ach áit a chur in áirithe ag: www.giorriatheatre.com agus

www.siamsatire.comFáilte roimh leanaí os cionn 8 bl.

Buíochas as tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, OÉ Gaillimh, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Siamsa Tíre.

Tuilleadh eolais: Giorria19@gmail.com

 

 

 

 

Giorria - poster
fé scáth

This page is also available in: English

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.