File Béil

Scéalta ón nDíseart

Bronnadh Sparántacht an Dísirt ar Cholm Mac Gearailt ó Chathair Scoilbín le déánaí – tréimhse cónaitheach mar Fhile Béil.  Beidh Colm lonnaithe sa Díseart ó thús Mheán Fómhair 2021 – go Deireadh Feabhra 2022 agus baint aige le grúpaí  sa Phobalscoil agus le grúpaí eile sa phobal. Beidh sé ag comhoibriú le hOidhreacht Chorca Dhuibhne, An Fheile Bheag Filíochta agus le Tobar Dhuibhne.

Is í an litríocht bhéil bun agus barr thraidisiún liteartha na Gaeilge. Is ar éigean ar féidir a cheart a thabhairt do scéal Pheig, mar shampla, ceann do mhórchlasaicí litríocht na Gaeilge, gan é a léamh os ard, agus maidir le traidisiún na véarsaíochta de, ní filíocht go reacaireacht, faoi mar a thuig na seanfhilí riamh anall. Is díol suntais an oiread Slam Fhilí atá ag scríobh sa Ghaelainn anois. Thug Colm an svae leis ag Liú Lúnasa 2019 i mBéal Feiriste. Is féidir roinnt dá shaothar a fheiscint ar YouTube.

Is iontach go deo an oiread daoine a bhain taitneamh as Gáirdíní an Dísirt le linn na gcoimeacha ceoil a d’eagraigh Féile na Bealtaine. Bhí na héanlaithe in iomaíocht le Muireann Nic Amhlaoibh! Ná bí ag caint ar glór! Is breá an rud  go bhfuil an t-aitheantas seo á fháil ag Bríd Enright,   – agus ag  Tom Healy (nach bhfuil linn a thuilleadh ach a chabhraigh chun na síolta a chur) agus foireann iomlán an Dísirt as a ndíograis.

Bhí  sé mar pholasaí riamh anall ag an Díseart tacú le healaíontóirí dá mhéid agus a fhéadfaí. Is é Domhnal Ó Bric atá linn fé láthair agus is sa Díseart a dhein  Deirdre Mc Kenna an obair ullmhúcháin ar thogra na mbratacha do Fhéile na Bealtaine.  Beidh Coirmeacha Ceoil á n-eagrú againn ó lár mhí Iúil go lár Lúnasa nuair a bheidh bogadh ar na srianta. Ár mbuíochas le Ealaín na Gaeltachta a mhaoiníonn Scéim na Sparántachata agus na coirmeacha ceoil.

Colm Mac Gearailt
Colm Mac Gearailt - File Béil

This page is also available in: English

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.