Oifigeach Turasóireachta le ceapadh sa Díseart

An Gaeltacht
Diseart logo

Oifigeach Turasóireachta le ceapadh sa Díseart

Tá folúntas ag an nDíseart do Bhainisteoir Turasóireachta a bheidh ag feidhmiú mar chuid d’fhoireann an Díseart.  Tá duine cumasach á lorg le scileanna cumarsáide – a bheidh freagrach as prófíl an Dísirt a neartú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus cur le éispearas na ndaoine a thugann cuairt ar an nDíseart.

Is iad seo na príomh dhualgais a théann leis an post:

  • Breis cuairteoirí a mhealladh chuig an Díseart.

  • Forbairt a dhéanamh ar an eispéireas cuartaíochta sa tslí go mbeidh breis eolais ag cuairteoirí ar shaíocht Chorca Dhuibhne idir spioradáltacht, litríocht, ceol agus ealaín. 

  • Lucht léinn a mhealladh go mbeadh spéis acu a bheith ag obair i leabharlann Phádraig Ó Fiannachta – roinnt don leabharlann seo sa Díseart agus an chuid eile i Leabharlann na Comhairle Contae sa Daingean.

  • Síneadh a chur leis an méid ama a chaitheann cuairteoirí sa bhfoirgneamh, agus deiseanna a thapú chun iad a spreagadh le filleadh arís chun páirt a ghlacadh in imeachtai eile.

  • Comhordanú a dhéanamh ar obair riaracháin don Díseart.

  • Foinsí maoinithe do thograí a aithint agus a aimsiú.

Conradh 24 mí atá i gceist ar thuarastal €33.000 sa bhliain móide costaisí taistil. Beidh an té a roghnófar lonnaithe sa Díseart. Beifear solúbtha. Beidh lóistín ar fáil más gá.

 Iarratais roimh 23 Meán Fómhair  2022(seachtain breise tugtha go 30ú) chuig runai@diseart.ie

Tá an post seo á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta le cabhair ón nDíseart

Ráiteas Misean An Dísirt

Nimah Ni Dhuill
Deirdre Mc Kenna

Feidhmíonn An Díseart mar ionad do phobal bríomhar a chuireann an Cultúr agus an Spioradáltacht Cheilteach chun cinn mar dhlúthchuid d’ár n-oidhreacht áitiúil. Tá sé lonnaithe sa Daingean i sean Chlochar na Toirbhearta. 

Ó cuireadh An Díseart ar bun i 1996, d’fhorbair sé mar ionad taighde ar gach gné den Spioradáltacht Éireannach agus den Chultúr Ceilteach, ina measc an diagacht, teanga, litríocht, ealaín, dlithe, béaloideas, luachanna, spioradáltacht, stair, ceol, seandálaíocht agus nósanna. B’é Msgr. Pádraig Ó Fiannachta, trócaire air, a bhí ina cheann air agus tá ceangal ag An nDíseart lena chnuasach luachmhar lámhscríbhinní agus leabhar atá i dtaisce i Leabharlann an Daingin. 

Le tacaíocht Shiúracha na Toirbhearta tá An Díseart á stiúradh ag bord deonach a thugann aire don fhoirgneamh agus dá thailte is a dheánann iad a chothabháil. Tá an t-ionad ar fáil don phobal le haghaidh gníomhachtaí spioradálta, ealaíonta, cultúrtha agus Gaelacha agus is áit é gur feidir le daoine a mbuanna a thabhairt i lár an aonaigh agus iad a roinnt. Eagraíonn An Díseart féin imeachtaí cultúrtha, spioradálta agus oidhreachta i rith na bliana agus tá na gairdíní ar fáil le haghaidh picnicí, teacht le chéile cultúrtha nó paidreoireacht phríobháideach agus machnamh.

This page is also available in: English

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.