GIORRÍA
FAOI SCÁTH…LE CHÉILE
Seó spleodrach spraíúil amuigh faoin aer!
Tar linn ar thuras faoi chumhacht an nádúir agus teacht aniar na ndaoine in am an ghátair. Curtha i láthair ag GIORRIA, i ngairdín An Dísirt sa Daingean.
Beidh meascán de cheol, rince, scéalaíocht, amhránaíocht ‘s filíocht.…agus caithfear súil ghrinn ar na nithe a spreagann an greann in aimsir na géarchéime, i gcomhluadar na mbandéithe Mór agus Mís, agus cúpla Cailleach!
Is comhchoiteann ildánach amharclannaíochta GIORRIA agus beidh an seó spraíúil seo ar siúl i nGáirdín an Dísirt sa Daingean ar an Satharn 7 Lúnasa ag 20.30
Ticéid-Saor in aisce, ach áit a chur in áirithe ag: www.giorriatheatre.com agus
www.siamsatire.com. Fáilte roimh leanaí os cionn 8 bl.
Buíochas as tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, OÉ Gaillimh, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Siamsa Tíre.
Tuilleadh eolais: Giorria19@gmail.com


This page is also available in: English