1. Cuairt na Saoithe
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh agus Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. (Matha 2:11)
   
2. Baisteadh Íosa
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin. Agus an
túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a
bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”(Marcas 1:9-11)
   
3. Ligigí do na leanaí teacht chugam
Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag
cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig mí-chéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht
chugam, ná coisigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé” (Marcas 10:13-14)
   
4. An tSeanmóir ar an Sliabh: Na Biáidí
Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas …. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas. Is méanar do lucht an dobróin,
óir sólásófar iad. Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht ..”
(Matha 5:1-5)
   
5. An tAllas Fola
“A Athair” deireadh sé “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus
bhí a chuid fola mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. (Lúcás 22:42-44)
   
6. Taispeánann Íosa á féin do Mháire Mhaigdiléana

Dúirt Íosa léi: “A bhean cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.” “A Mháire,” arsa Íosa léi. D’iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí”, is é sin le rá: “A Mháistir”

(Eoin 20:15-16)

 

ARTIST IN RESIDENCE

The purpose of the Harry Clarke Artist in Residency Programme is to assist individual artists in their careers, support and provide a focus for artists while they in turn contribute to the local community in the form of workshops and involvement in the arts at a local level.

Caoimhín Ó Fraithile, who has enjoyed the Harry Clarke Residency here, has returned to his studio having completed residencies at Ground Zero, N.Y. and in Japan.

This page is also available in: English