Beidh oíche filíochta agus scríbhneoireachta chomhaimseartha Chorca Dhuibhne ar siúl san Díseart Déardaoin, an 30ú Eanáir nuair a bheidh deis ann éisteacht le saothar ó scríbhneoirí nua agus seanbhunaithe sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
I measc na scríbhneoirí a bheidh ann beidh scríbhneoir cónaithe Chiarraí Emer Fallon, na scríbhneoirí mórghradamtha Ceaití Ní Bheildiúin, Simon Ó Faolain agus Maria Ní Mhurchú, chomh maith le saothar ó rannpháirtithe sa ‘Cheardlann Scríbhneoireachta’ seachtainiúil a bhí ar siúl san Díseart i gcaitheamh na bliana seo caite.
Tá súil ag na heagraithe scríbhneoirí óga agus taibheoirí a bhfuil duaiseanna buaite acu a bheith páirteach ann, ach níl sé sin deimhnithe fós. Beidh ceol ó Aoife Ní Ghrainbhéil ag gabháil leis na léamha.
Tá an ócáid sa Seomra Fresco san Díseart saor in aisce agus fáilte roimh chách. Tá An Díseart an-bhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta agus do Dhúchas an Daingin.