Is minic féilte Ceilteacha á thabhairt ar na féiltí seo; ní tharlaíonn siad ag tús na saesúr ach i gcónaí idir eatarthu. Mar sin tosnaímis le hImbolg a bhí agus Lá ‘le Bríde atá; ansin Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Lá Bealtaine tiomáintí an stoc chun an bhuaile agus d’imíodh an dream óg leo. Ní fhillidís go léir abhaile go Lá Samhna. Ó Shamhain go Bealtaine bhí an féar a bhí cosanta mar fhoráiste ag an stoc; bhí an t-im agus an cháis agus an fheoil i gcóngar an tí. Bhí scéalaíocht agus ceol agus rince ar an dtinteán. Lean gnéithe agus gnása ó na féilte seo ar aghaidh sa Chríostaíocht, ach iad baistithe.

This page is also available in: English