Seachtain na hOidhreachta sa Díseart

Scaoil isteach an Solas  beo i nDaingean Uí Chúis

6ú – 31ú Lúnasa. An Diseart. 10rn – 4pin Luan go hAoine (dúnta am lóin idir 1-2)

Scaoil isteach an Solas

Is tionscnamh é seo a deineadh laistigh dosna scoileanna agus an pobal sa Daingean, stiúrtha ag an t-ealaíontóir Ben Dearnley. Is ceiliúradh é seo ar Chomóradh Céad Bliain do fhuinneoga Harry Clarke anseo sa Díseart.

Léiriú Ceilteach ar radhairc ón mBíobla a bhí i gceist ag  an ealaíontóir Éireannach agus coimisiúnaíodh iad i 1922 agus cuireadh isteach iad in Aibreán 1924. Mharcáil siad bhuaicphointe i stair na hÉireann, mar gur ghlac Harry Clarke ról mhór san athbheochan Cheilteach a bhí ar siúl ag an am sin.

Tá na fuinneoga seo ar cheann de na saothair is mó a rinne sé agus is  seod é i gcoróin Iarthar Chiarraí. Le tacaíocht ó  Creative Communities, Kerry County Council, An Díseart agus Dúchas an Daingin.

Scoil Iognáid Rís

Painéal 1: Críost

Chruthaigh buachaillí ó rang a 5 agus 6 an dhá phainéil seo, a léiríonn scéal Eoin Baiste agus Críost. Rinne daltaí sceitseáil ar gach píosa agus líonadh isteach iad tar éis cuairt a thabhairt ar an nDíseart chun staidéar a dhéanamh ar fhuinneoga Harry Clarke

 

Painéal 2: Eoin Baiste

*******

Bunscoil an Chlochair

Painéal 3: Naomh CaitlínCailíní ó bhlianta cúig agus a sé a chruthaigh na panéal sin leis an dtéama do Naomh Chaitlín agus Muire.

Rinne daltaí sceitseáil ar gach píosa agus líonadh isteach iad tar éis cuairt a thabhairt ar an nDíseart chun staidéar a dhéanamh ar fhuinneoga Harry Clarke

Painéal 4: Muire

 

***********

Gairdín Mhuire le Úna Ní Shé.

Painéal 5: Ealaíon saorstíl bunaithe ar an nádúr sa Daingean.

Faoi threoir an t-ealaíontóir cónaithe Úna Ní Shé, ghlac na  cónaitheoirí páirt i gceardlann le Ben chun tús a chur le turas cruthaitheachta. Bhaineadar úsáid as páipéar daite agus pinn dhubh, agus chuireadar le chéile an bailiúchán oibre álainn seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bhliain do fhuinneoga Harry Clarke sa Daingean.

***********

Painéal: 6/7

Cuireadh an painéal dheireanach le chéile le linn lá oscailte sa stiúideo ar an 17ú Lúnasa mar pháirt do Seachtain Náisiúnta na nOidhreachta chun comóradh 100 bhliain do fhuinneoga Harry Clarke sa Daingean a cheiliúradh.

Cuireadh fáilte roimh an pobail chun teacht isteach agus a bheith bainteach leis an dtionscnaimh.

 

Let the Light in Exhibition 4
Let the Light In exhibition 3
Let the LIght in exhibition 2
Let the Light In exhibition 1

This page is also available in: English

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.