Handel’s Messiah

Poster for performance of Handel's Messiah

Tá An Díseart thar a bheith sasta saothar séasúrach Handel a thabhairt go dtí an Daingean, Déardaoin an 11ú Nollaig, le Chamber Choir Ireland  agus Irish Chamber Orchestra. Ar siúl in Seipéal Naomh Muire i nDaingean Uí Chúis.

Is traidisiún Nollag do na mílte ar fud an domhain é Handel’s Messiah, saothar drámatúil a bhfuil meas ollmhór ag lucht leanúna an cheoil chlasaicigh air.

Tá an ceol cóiréil lán d’arddhráma, d’áiriaí fíoralainn agus de chór spreagúil, ag tabhairt sinn ón mBreithe go dtí an cór cáiliúil Hallelujah agus níos faide anonn.

Is é an cláirseoir Christian Curnyn a stiúrann an léiriú seo. Aithnítear Christian go forleathan mar saoi i gceol Barócach an t-adh dearg linn is é inár dteannta. Is imeacht bailithe airgid é an ceolchoirm chun cabhrú le hathchóiriú séipéal an Dísirt, cáiliúil í fein as a sé fhuinneog gloine ildhaite iontacha Harry Clarke. 

Tá ticéid ar fáil go háitiúil i nDaingean Uí Chúis agus ar líne trí shuíomhanna gréasáin ICO. Scan an cód QR le haghaidh áirithinte ar líne. 

Táimid an-bhuíoch de Jim Garvey agus de ghrúpa Garvey as an tacaíocht  dúinn tríd an gCór agus an Cheolfhoireann a óstáil i nDaingean Uí Chúis, de Bhialann Fentons, de Róisín Knox agus Clare Thompson as maisiú an seipéal agus den Athair Michael Moynihan as úsáid a bhaint as Séipéal Naomh Mhuire ar an 11ú agus as a spreagadh agus a threoir san ullmhúchán

This page is also available in: English

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.