
Leis an ‘Seisiún Ealaíne Oscailte’ seo, bainfear úsáid as samplaí d’ailtireacht struchtúrach An Diseart mar aon le roinnt íomhánna d’fhoirgintí íocónacha áitiúla, ar nós Séipéilín Ghallarais, Ionad an Bhlascaoid, nó tigh nua-aimseartha fiú… bí i dteannta an dealbhóra idirnáisiúnta Ben Dearnley agus glac páirt sa cheardlann ina bhfoghlaimeoimid mar gheall ar chuid des na príomhghnéithe a bhaineann le bheith i d’ailtire. Ní gá aon taithí roimhe ré, bí ann, sin an méid, agus faigh taithí leis an Ailtireacht! Cruthaigh do dhearaí féin lena gcur isteach i mionsamhail de réir scála an tráthnóna ‘Mo Bhaile Fearainn’ agus féach ar na gnéithe pearsanta a bhaineann le bheith i d’ailtire ar feadh lae, agus aitheantas á thabhairt don Dúlra mar cheann des na hailtirí is mó sa tsaol.
An Díseart, 1:30 in Dé Domhnaigh, Meán Fomhair 29 , 2025.
Saor in aisce, fáilte roimh Cách.

This page is also available in: English