
Oíche Chultúir
Chur an Díseart ceist ar chúigear ealaíontóir freagra a thabhairt ar shaol spioradáltacht Chorca Dhuibhne sa Ré na Luath Críostaíochta.
Táthar ag súil go ndéanfaidh na healaíontóirí machnamh ar ghnéithe de spioradáltacht i gCorca Dhuibhne, Cosán na Naomh, Naomh Bhréanainn, na toibreacha beannaithe agus na suíomhanna luath Chriostaíochta, agus freagra a thabhairt ar le obair réamhdéanta nó saothar nua agus é sin a chur i láthair ag ócáid Oíche Chultúir, 19ú Meán Fómhair idir 7:30 agus 8:30, beidh an taispeántas dúnta ag 9:00i.n.
Ceoltóirí: Caroline Keane agus Tom Delaney
Ealaíóntóirí: Domhnal Ó Bric, Hetty Lawlor and Mick Davis
Suíomhanna Eaglasta i gCorca Dhuibhne ó Ré Luath na Críostaíochta
Tá Corca Dhuibhne ag cur thar maoil le stair agus le beatha an chreidimh.
Ní fios cathain a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn ar dtúis, ach tá fhios againn go raibh pobal Críostaithe anseo go luath sa chúigiú céad. Ní foláir nó gur thug misinéirithe éagsúla an creideamh go háiteanna éagsúla sa tír.
Thiocfadh an creideamh isteach tríd an dteangmháil leis an saol Rómhánach chomh maith.
Ghabh muintir na hÉireann an creideamh nua chúthu féin chomh dlúth sin nár cláraíodh riamh oiread is mairtíreach amháin sa tír.
Pobail bheaga ab ea na lonnaíochtaí eaglasta is túisce a bhí ann, lena n‑easpag féin i gceannas ar gach ceann acu, ach faoi lár an séú haois, bhí córas de mhainistreacha ar bun, le ab i gceannas ar gach pobal neamhspleách, agus is mar sin a bhí go ceann na gcéadta bliain, fiú chomh déanach leis an 12ú haois i n‑áiteanna.
This page is also available in: English