Ceardlann Filíochta leis an bhfile Ceaití Ní Bheildiúin
Sraith Cheardlanna Scríbhneoireachta Cruthaitheacha sa Díseart
Fómhair 2023 – Earrach 2004
A dúirt na rannpháirtithe fúthu:
“ceardlanna iontacha, ar théamaí éagsúla”….. “cleachtaí iontacha“…..“ar phrós agus ar fhilíocht”….. “iniuchadh ar na slithe agus stíleanna éagsula scribhneoireachta”….. “ i bhfoirgneamh ársa stairiúil an Dísirt”….. “an chéad uair domsa freastal ar cheardlann scríbhneoireachta”…..”d’éirigh liom roinnt scéalta a scríobh”
************
” Bhaineas ana-thaitneamh agus ana-thairbhe as na ceardlanna ar mhórán leibhéil.”
“Tá misneach agus spreagadh fachta againn ar fad, anuas ar scileanna nua scríbhneoireachta! Thaitin na ceardlanna go mór liom!”
“Bhí sé go hiontach a bheith mar chuid de ghrúpa tacaíochta scríobhneoirí ag bailiú le chéile go seachtainúil.”
**************
“Bhínn ar bís le fuinneamh na cruthaitheachta agus mé ag dul abhaile gach oíche.”
“Tugadh spreagadh iontach dúinn ar fad píosaí a scríobh agus an nós scríbhneoireachta a chruthú agus a chothú.”
“Tá an treoir a fuaireas ag cabhrú liom dul chun cinn a dhéanamh.”
“Fuaireamar an deis ár bpíosaí a roinnt lena chéile agus is taithí ana-luachmhar é sin don scríbhneoir nua.”
“Tá domhan eile ar fad oscailte dom.” “Lasair na cruthaitheachta lasta ionainn.”
**************
“Chabhraíonn sé liom ligean do dhaoine eile éisteacht le mo chuid scribhinní, rud a bhí an deacair dom.”
“Thug freastal ar an gcúrsa, muinín, inspioráid, agus thar aon ní eile, misneach dom mo chuid scéalta a chur síos ar pháipéar.”
“Ba bhreá liom filleadh arís sa bhFómhair.” “Gura fada buan an Cheardlann.”
Sraith Cheardlanna Scríbhneoireachta Cruthaitheacha sa Díseart
Fómhar 2023 – Earrach 2004
“An sprioc a bhíonn agam le na ceardlanna ná scríbhneoirí a threorú chun chleachtas maith scríbhneoireachta a bhunú dóibh féinig. Bainim triail as deis a sholáthar do rannpháirtithe, in atmaisféar sábháilte, teacht ar a n-ionsporád is bheith cruthaitheach. Is féidir píosaí filíochta nó píosaí próis a chothú, an rogha sin fágtha ag an scríbhneoir. Roghnaíonn an scríbhneoir leis, bheith ag scríobh as Gaeilge nó as Béarla. Trí Ghaeilge amháin, áfach, a phléimid sliochtanna filíochta agus próis ón dá theanga.
Bíonn guth sainiúil ag gach scríbhneoir. Ainlítear gach rannpháirtí sa cheardlann i dtreo a stíl is a ghuth féin.”
Ceaití Ní Bheildiúin, stiúrthóir na gceardlann
AGUS …..
Sraith eile ceardlanna ag teacht:
Sraith Cheardlanna Scríbhneoireachta Cruthaitheacha sa Díseart
Fómhar 2024 – Geimhreadh 2004
Fan i dteagmháil lin
This page is also available in: Gaeilge (Irish)