Ceardlann Filíochta

Ceardlann Filíochta leis an bhfile Ceaití Ní Bheildiúin

Ceardlann filíóchta

Sraith Cheardlanna Scríbhneoireachta Cruthaitheacha sa Díseart

Fómhair 2023 – Earrach 2004

                                    A dúirt na rannpháirtithe fúthu:

 “ceardlanna iontacha, ar théamaí éagsúla”….. “cleachtaí iontacha“…..“ar phrós agus ar fhilíocht”….. iniuchadh ar na slithe agus stíleanna éagsula scribhneoireachta”…..                    “ i bhfoirgneamh ársa stairiúil an Dísirt”….. “an chéad uair domsa freastal ar cheardlann scríbhneoireachta”…..”d’éirigh liom roinnt scéalta a scríobh”

************

 Bhaineas ana-thaitneamh agus ana-thairbhe as na ceardlanna ar mhórán leibhéil.”

“Tá misneach agus spreagadh fachta againn ar fad, anuas ar scileanna nua scríbhneoireachta! Thaitin na ceardlanna go mór liom!”

“Bhí sé go hiontach a bheith mar chuid de ghrúpa tacaíochta scríobhneoirí ag bailiú le chéile go seachtainúil.”

**************

“Bhínn ar bís le fuinneamh na cruthaitheachta agus mé ag dul abhaile gach oíche.”

 “Tugadh spreagadh iontach dúinn ar fad píosaí a scríobh agus an nós scríbhneoireachta a chruthú agus a chothú.” 

 “Tá an treoir a fuaireas ag cabhrú liom dul chun cinn a dhéanamh.”   

“Fuaireamar an deis ár bpíosaí a roinnt lena chéile agus is taithí ana-luachmhar é sin don scríbhneoir nua.”  

“Tá domhan eile ar fad oscailte dom.”    “Lasair na cruthaitheachta lasta ionainn.”

**************

 “Chabhraíonn sé liom ligean do dhaoine eile éisteacht le mo chuid scribhinní, rud a bhí an deacair dom.”

 “Thug freastal ar an gcúrsa, muinín, inspioráid, agus thar aon ní eile, misneach dom mo chuid scéalta a chur síos ar pháipéar.” 

 “Ba bhreá liom filleadh arís sa bhFómhair.”  “Gura fada buan an Cheardlann.” 

Sraith Cheardlanna Scríbhneoireachta Cruthaitheacha sa Díseart

Fómhar 2023 – Earrach 2004

 “An sprioc a bhíonn agam le na ceardlanna ná scríbhneoirí a threorú chun chleachtas maith scríbhneoireachta a bhunú dóibh féinig. Bainim triail as deis a sholáthar do rannpháirtithe, in atmaisféar sábháilte, teacht ar a n-ionsporád is bheith cruthaitheach. Is féidir píosaí filíochta nó píosaí próis a chothú, an rogha sin fágtha ag an scríbhneoir. Roghnaíonn an scríbhneoir leis, bheith ag scríobh as Gaeilge nó as Béarla. Trí Ghaeilge amháin, áfach, a phléimid sliochtanna filíochta agus próis ón dá theanga.

Bíonn guth sainiúil ag gach scríbhneoir. Ainlítear gach rannpháirtí sa cheardlann i dtreo a stíl is a ghuth féin.”

 

Ceaití Ní Bheildiúin, stiúrthóir na gceardlann

 

 

AGUS …..

 

Sraith eile ceardlanna ag teacht:

Sraith Cheardlanna Scríbhneoireachta Cruthaitheacha sa Díseart

Fómhar 2024 – Geimhreadh 2004

 

 

 

Fan i dteagmháil lin

 

Fógra do Ceardlann Filíóchta le Ceaití Ní Bheildiúin

This page is also available in: Gaeilge (Irish)

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.