Scéala on Díseart - 15/07/2016

Padraig Ó Fiannachta (1927-2016) Beannacht Dé ar a h-anam dílis

‘Mise an tAthair Pádraig Ó Fiannachta, - sagart, scoláire agus file’ cur síos a dhein ‘ár saoi amhra, ár n-iolbhuadhach,’air féin, - duine de na pearsana is mó le rá ó tharla Athbheochan na Gaeilge. 

Saolaíodh fathach na diagachta, an léinn agus na filíochta, an t-aon fhear  Gaeltachta a bhí ina ollamh le Sean-, Meán- agus Nua-Ghaeilge sa tír, an 27 Feabhra, 1927, sa Pheaideac, i mBaile Móir, mar ar fhoghlaim sé togha na Gaolainne ón dá ghlúin a chuaigh roimhe.

Ba gheall le réalt reatha cúrsa a shaoil , idir scoláireachtaí meánscoile, an chéad áit sa Léann Ceilteach agus sa Diagacht i Má Nuad, Uachtarán an Oireachtais (1982), Uachtarán Dhámhscoil na Mumhan agus an gradam deiridh – American Irish Historical Award, Nollaig, 2015.

I ndiaidh a oirnithe, i gColáiste na Naomh, 26 Meitheamh, 1953, chaith sé cúig  bliana sa Bhreatain Bhig. Ansin, fuair sé cuireadh teacht thar n-ais go Má Nuad mar léachtóir. Idir 1962-1992, bhí sé mar ollamh inspioráideach nach raibh aon teacht anuas ar a shaothar; chláraigh sé lámhscríbhinní Mhá Nuad, bhí sé mar eagarthóir ar Irisleabhar Mhá Nuad , mar fhoilsitheoir ar Léachtaí Cholm Cille agus d'oibrigh sé lena chinntiú go gcuirfí Foclóir na Sean-Ghaeilge ar fáil. Ach tá cuimhne Phádraig Uí Fhiannachta buanaithe, thar aon ní eile, ag foilsiú ‘briathar Dé ina iomláine..i nGaeilge do chách sa Bhíobla Naofa’ (1981), a raibh Pádraig féin mar aistritheoir ar chuid mhór de agus ina eagarthóir air.

Ba chosúil le tobar gan dísc a ghníomhartha gaisce tar éis dó filleadh ar a fhód dúchais mar shagart paróiste an Daingin, 1993. Mar ba dhual dó go dtí sin, níor chuir an fhreagracht laincis ar a chuid oilithreachtaí ná a mhisiún chun an deascéal a fhógairt, ó Chompostella go San Diego. Chuir sé ‘anlann seoidh leis an mBriathar diamhair’ do pharóisteánaigh agus dóibhsean gur spéis leo na searmanais a naomhaigh na seanláithreacha sacrálta, i dteannta pháirt an duine  sa timpeallacht a cheiliúradh, ar ócáidí mar Bheannú na mBád, Turas Thobar Mhichíl agus Turas Chaitlíona.

‘Sé bunú an Dísirt (1996) institiúid diagachta agus spioradáltacht an dúchais, sméar mullaigh an tarna leath dá shaol. D’aithin sé go meallfadh an séipéal álainn, le dhá fhuinneog déag Harry Clarke, na mílte cuairteoir samhraidh; deineann an dá ghairdín athchóirithe amhlaidh leis.

Físí é maidir le Slí na hÁille, a rogha bealaigh chun Dé. Ba ‘De Medici an Daingin’ é ag cothú na n-ealaíon, i. múrmhaisithe an Dísirt, na ceardlanna filíochta agus na céadta leabhar a d’fhoilsigh a chomhlacht, An Sagart. B’í caint shaibhir na ndaoine, móide a shaíocht, foinse is tobar na gcnuasach, Léim an Dá Mhíle (2005) agus Fianna Éireann/ Eipic ar an bhFiannaíocht idir Laoithe agus Scéalta (2014). Tá Íosa chomh mór ar a shuaimhneas i measc iascairí an Daingin is atá Pádraig agus Oisín le chéile in Aontas na Seanórach, a bhuí le cumas cruthaitheach genius Bhaile Móir, dea-sheirbhíseach a ghnóthaigh cúig thallann eile sa bhreis ar na cúig cinn a fágadh aige. 

  
Go méadaí Dia a ghlóir sna flaithis.    

Bríd Ní Mhorain

Scéala on Díseart - 20/2/14

Pádraig Ó Fiannachta

A léitheoirí ionúine, bhíos ag guí ar bhur son i gcaitheamh na doininne, na ngálaí agus na dtuilte, an easpa leictreachais, teasa agus solais. Bhí sé anadhian ar dhaoine bochta a bhí leo féin; ba mheasa fós é ag daoine breoite nó i luíochán leapa. Ni raibh solas ná teas agam féin ná córas cócaireachta. Bhí an t-ádh liom gur aimsíos tóirse breá. Lena chabhair sin d’éirigh liom dul ’on leaba go breá luath, oiread balcaisí agus ab fhéidir liom a chur orm féin. Ansin le cabhair mo thóirse léas mo phortús, mo chúpla coróin, agus ansin thairringíos leabhar chugam le léamh. Bhí sin faighte agam ó dhuine a tháinig lena bhean an lá roimhe sin ar thuairisc an Dísirt in an-dhrochscrabhadh; bhí deichniúr le chéile. Tharla go rabhas ar mo shlí go dtí m’oifig nuair a bhuaileadar isteach an príomhdhoras. Chuireas na trucailí fáilte rompu. ‘Cad as daoibh?’ arsa mise leo. D’fhreagair duine acu ‘As Minnesota.’ ‘Nach iontach é sin’ arsa mise arís, ‘bhíos cúpla lá ansiúd  timpeall daichead bliain ó shin. Thugas turas ar Ollscoil Naomh Tomás i gcathair Naomh Pól. Bhí an-chara liom ina ollamh le Béarla ansiúd, an Dr. Eoin Mac Tiarnáin.’ ‘B’é siúd m’athair críonna’ arsa fear óg. ‘Buail chugam isteach i m’oifig nuair a bheidh iontais an Dísirt feicthe agat. Ba bhreá liom scéala do mhuintire a chlos uait. A Eiléin,’ arsa mise leis an bhfáilteoir a bhí i láthair ‘taispeáin m’oifig dó nuair a bheidh fonn air teacht.’ Tharla sé go rabhas díreach tar éis Eoin Mac Tiarnáin a lua i script do léacht ar Shoiscéal Eoin a bhí á réiteach agam do Léachtaí Cholm Cille XLV a bheidh á dtabhairt sa Díseart 11-12 Aibreán. Tomás ab ainm don bhfear óg seo agus é pósta le Joan Johnson a bhí ina theannta. Thánadar chugam gan mórán moille. Ní fada a bhíodar ag caint liom nuair a chuimhnigh Tomás go raibh cúpla cóip de bheathaisnéis Eoin Mhic Tiarnáin ina ghluaisteán. Amach leis fé dheifir, agus thug isteach cóip de Irish America Reawakening: The Eoin McKiernan Story by Deirdre McKiernan Hetzler foilsithe ag Borealis Press, Ottawa, Canada  2013 agus é sínithe : ‘Beannachtaí! (Blessing!) kind regards Déirdre.’  Dúrt le Tomás agus Joan go rabhas ag cuimhneamh ar Eoin an oíche roimhe sin agus beagán neamhchodladh ag cur as dom. Bhí saol fada ag Eoin (1915—2004); bhí naonúr clainne air; fuair an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach greim ar a chroí; mar bhuaic ar a shaol acadúil ceapadh é ina ollamh le Béarla in Ollscoil Naomh Tomás, ach b’í an Ghaeilge an chlaoch ba mhó ar a phaidrín. An bhliain a ceapadh ina ollamh le Béarla é fuair sé comhaltacht le staideár a dhéanamh ar an nGaeilge in Éirinn agus thug sé a bhean agus a chlann leis ar feadh bliana go hÉirinn. Bhí baill den chlann i mbunscoil lánGhaelach, i meánscoil lánGhaelach agus é féin dícheallach ag foghlaim agus ag léachtóireacht ar mhaithe leis an dteanga agus an gcultúr ar fud na hÉireann. Ba mhinic é ag tabhairt turas orainn i Maigh Nuad. Bhunaigh sé an iris iontach úd  Éire: Ireland agus bhí ina eagarthóir uirthi ar feadh geall le daichead bliain. B’é a spreag a lán de Ghaeil Mheiriceá chun eolais a chur ar ár gcultúr saibhir agus ár dteanga shoilbhir a chreid sé a bheith ar an ngné ba thábhachtaí de. Bhunaigh an Irish American Cultural Institute in 1964, foras a bhronn duaiseanna ar son litríochta, mar Duais an Bhuitléirigh, agus duaiseanna agus scoláireachtaí sna healaíona. Ó mo thaobhsa de b’é an $10,000 a bhronn sé ar an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich le go bhfoilseofaí Bíobla Gaeilge aonleabhair go luath an rud ba thábhachtaí a dhein sé. Bhíos i láthair sa Dánlann Náisiúnta nuair a tharla san. Ghlac an Cairdinéal leis an tseic, luigh a shúil ormsa, ghlaoigh anall orm agus shín an tseic chugam á rá: ‘Deinse é sin.’ ‘Beidh sé againn fé cheann trí bliana.’ Bhí laistigh de 27 mí, a bhuí le Dia. 

News from the Díseart

The famous Colm Cille Lectures  will be delivered in the Díseart this year and vol XLV of the series will be published in 2014. The theme this year is the An tAthair Peadar’s archive which was acquired recently by St. Patrick’s College Maynooth. In it are his handwritten original books, translations,  and such wonders as his copy of his own translation of the whole Bible. During the lectures, 11-12 April, the Friday and Saturday before Palm Sunday, some of the documents in the Archive will be on display in the Díseart. Attendance at the lectures is free. We hope to have academics from many parts of Ireland present. I myself will be giving a lecture on John’s Gospel.
During the storms when I had no heat, no light except a torch, I had the wonderful exprience of getting to know the grandson of Eoin McKiernan who in 1978 presented Cardinal Ó Fiaich with a cheque for $10,000 to ensure the speedy publication of the complete new Irish Bible in one book. That made possible the appearance of same with me as editor in 1981. Tom and his wife [ who told me she has visited Corca Dhuibhne 46 times], took me to Tralee to keep appointments with two specialists as they were on their way home to Minnesota on Thursday last. The good Lord was looking after me.