Caidreamh Chorca Dhuibhne

Tugann an suíomh ttp://www.dingle-peninsula.ie faisnéis faoi imeachtaí, siamsaí, bailte, sráidbhailte agus bailte fearainn; faoi radharcanna, turasanna, cultúr, oidhreacht litríochta béil agus pinn. Tugann eolas faoi chúrsaí teangan agus staire.

Tugann an Kerryman agus Kerry's Eye go leor eolais faoi imeachtaí an lae agus cúrsaí spóirt. Is minic eolas faoin Díseart, agus pictiúir faoi sa Kerryman.

Tá freagracht ar an Díseart maidir le Cosán na Naomh a ghabhann ó Thráigh Fionntrá go Mám an Óraigh, go Leataoibh Beag, go Gallaras, go Cill Maolcéadair, go Cráilí agus go Baile Breac ag bun Cnoc Bréanainn.

Tá foilseachán pobail ar fáil le déanaí – Corca Dhuibhne Beo – West Kerry Live, a scaiptear in aisce. Maireann sé ar fhógraí agus ar bheagáinín beag urraíochta ó MFG agus an Roinn Gnóthaí Pobail. Bíonn fógra ann gach coicíos, i ngach uimhir, ag an Díseart agus cur síos ar ár n-imeachtaí go léir ann.

Is mór an chabhair don ndúthaigh Raidió na Gaeltachta agus go háirithe an clár An Saol Ó Dheas, 12 ml.-1pm. Ós rud é go bhfuil comhoibriú eadrainn agus an paróiste is gnáth lenár n-imeachtaí a fháil fógraíochta ar a chlár seachtainiúil siúd.

www.ansagart.ie Foilseacháin An Sagart
Tá Catalóg de Fhoilseacháin An Sagart 1967-2008 i gcló, ISBN 1 903896, agus eolas faoi na leabhair a foilsíodh ó shin ar ár suíomh www.ansagart.ie.